Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 10 Lúnasa 2023 ag UGA Nutraceuticals Srl i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 28 Meitheamh 2023 i gCás T-496/22, UGA Nutraceuticals v EUIPO - BASF (OMEGOR VITALITY)

(Cás C-521/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: UGA Nutraceuticals Srl (ionadaithe: J. Graffer, A. Ottolini agus M. Riva, avvocati)

Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Le hordú an 15 Nollaig 2023, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart don achomharcóir a chostais féin a íoc.

____________