Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 26 Meitheamh 2023 – ZD “BUL INS” AD v PV
(Cás C-387/23, BUL INS)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Sofiyski rayonen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ZD “BUL INS” AD
Cosantóir: PV
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. An gcaithfear Airteagal 13 de Threoir 2009/103/CE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí agus maidir le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin a léiriú sa chaoi go dtagann caingean arna tionscnamh faoin dlí náisiúnta mar gheall ar imeachtaí cúláraigh de chuid an árachóra a leanann as árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí faoi raon feidhme dhlí an Aontais maidir leis an gcosc ar theorainneacha ar dhliteanas ar thaobh an árachóra?
2. Más é an freagra ar an gcéad cheist ná go bhfuil feidhm ag dlí an Aontais, an gcaithfear, dá bhrí sin, an fhoráil thuasluaite agus Airteagal 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha a léiriú sa chaoi nach mór a mheas, i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta agus na gceanglas maidir le cosaint an tomhaltóra, gur ‘tomhaltóir’ é duine nádúrtha i gcásanna den sórt sin arna thabhairt aige nó ina choinne?
____________
1 IO 2009 L 263, lch. 11.