Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Meán Fómhair 2023 – IH v Eurowings GmbH

(Cás C-570/23, Eurowings)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IH

Cosantóir: Eurowings GmbH

An cheist a tharchuirtear

I gcás ina ndearnadh áirithint aonair do níos mó ná eitilt amháin (sa chás seo, eitilt amach agus eitilt fillte) an ionann eitilt amháin a chur ar ceal (sa chás seo, an eitilt fillte) agus cealú gach eitilte, agus é an toradh air sin nach mór na teorainneacha ama le haghaidh eisceachtaí ón oibleagáid cúiteamh a íoc faoi Airteagal 5(1)(c) den Rialacháin maidir le Cearta Aerphaisinéirí 1 a ríomh faoin am sceidealaithe imeachta den chéad eitilt (an eitilt amach)?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).