Language of document :

Caingean arna tabhairt an 10 Eanáir 2024 – IServ v EUIPO – Jordanova agus Páirtithe Eile (IServ)

(Cás T-16/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: IServ GmbH (Braunschweig, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Wille, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Nadja Jordanova (Russe, an Bhulgáir), Victoria Dorovska (Sóifia, an Bhulgáir), Stefan Jordanov (Russe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘IServ’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 641 804

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 6 Samhain i gCás R 1557/2023-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

seasamh le cinneadh Rannán an Fhreasúra, ag diúltú don fhreasúra;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 26 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/626 ón gCoimisiún.

____________