Caingean arna tabhairt an 10 Eanáir 2024 – Pernod Ricard v EUIPO – West End Drinks (The King of Soho)
(Cás T-13/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Pernod Ricard (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: T. de Haan agus S. Vandezande, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: West End Drinks Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘The King of Soho’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 931 478
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh leasaitheach ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 5 Samhain 2023, lena leasaítear an cinneadh a glacadh an 19 Meitheamh 2023 i gCás R 1380/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 27(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún;
Sárú ar Airteagal 102 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________