Caingean arna tabhairt an 5 Eanáir 2024 - BG Frigo v an Coimisiún
(Cás T-5/24)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
Páirtithe
Iarratasóir: Bi Frigo EOOD (Sóifia, an Bhulgáir) (ionadaithe: Y. Stoychev, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg ag an iarratasóir
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2023 lena gcinntear, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe 1 , luachanna tagartha a neamhniú don tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024 d’aon táirgeoir nó allmhaireoir a chuireann hidreafluaracarbóin ar an margadh go dleathach san Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2015, mar a thuairiscítear faoin Rialachán sin, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí: sárú ar Airteagal 16 de Rialachán Uimh. 517/2014 agus ar Iarscríbhinn V a ghabhann leis.
Socraíodh luach tagartha don iarratasóir gan na luachanna do na naoi gcuideachta déag cumaiscthe de réir bhrí Airteagal 262 de Dhlí Tráchtála na Bulgáire a chur san áireamh.
An dara saincheist dlí: sárú ar phrionsabal na córa comhionainne
Níor cinneadh luach tagartha ar leith ach amháin maidir le trí cinn de na cuideachtaí cumaiscthe agus cuideachtaí nach bhfuil ann a thuilleadh, agus níor socraíodh aon luachanna tagartha aonair do na 16 chuideachta eile arna gcumasc leis an iarratasóir.
An tríú saincheist dlí: sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua
Ní leor an tagairt do Rialachán Uimh. 517/2014 chun údar a thabhairt leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, ós rud é nach bhfuil an t-iarratasóir in ann na cúiseanna nár tugadh dó luach tagartha a fhreagraíonn do na luachanna atá le sannadh do na cuideachtaí cumaiscthe a shainaithint.
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195)