Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 - Stadtwerke Frankfurt am Main v an Coimisiún

(Cás T-63/21) 1

(Iomaíocht – Cumaisc – Margaí leictreachais agus gáis na Gearmáine – Cinneadh lena ndearbhaítear comhchruinniú a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Caingean le haghaidh neamhniú – Easpa locus standi – Do-ghlacthacht)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Stadtwerke Frankfurt am Main Holding GmbH (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Schalast, H. Löschan agus Y. Salamati, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Meessen agus C. Zois, Gníomhairí, le cúnamh ó F. Haus, L. Rundel agus F. Schmidt, Dlíodóirí)

Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: E.ON SE (Essen, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Grave, C. Barth agus D.-J. dos Santos Goncalves, Dlíodóirí), RWE AG (Essen) (ionadaithe: U. Scholz, J. Ziebarth agus J. Siegmund, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2019) 6530 final ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019, lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.8870 – E.ON v Innogy) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.

Ordaítear do Stadtwerke Frankfurt am Main Holding GmbH a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, E.ON SE agus RWE AG a íoc.

____________

1 IO C 138, 19.4.2021.