Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – an Ostair v an Coimisiún

(Cás T-501/22) 1

(‘CERT agus CETFT – Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú – Caiteachas arna thabhú ag an Ostair – Comhéifeacht laghdaithe – Airteagal 24(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 –Airteagal 30(7)b de Rialachán Uimh. 1307/2013 – Dualgas cúiseanna a lua’)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na hOstaire (ionadaithe: J. Schmoll agus A. Kögl, Gníomhairí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Aquilina agus A. Becker, Gníomhairí)

Ábhar

Lena caingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann Poblacht na hOstaire go gcuirfí ar neamhní Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/908 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022, lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), (IO 2022, L 157, lch. 15), a mhéid a eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas de shuim iomlán EUR 68 146 449.98 a dearbhaíodh faoi CERT ag Poblacht na hOstaire.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/908 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an gceartú airgeadais a shainaithnítear sa tábla atá i gceangal leis an gcinneadh sin faoin gcúis ‘cóineasú leithdháilte teidlíochtaí’ le haghaidh na mblianta airgeadais 2016 go 2020, a mhéid a bhaineann sé le caiteachas arna dhearbhú ag Poblacht na hOstaire faoi CERT roimh an 27 Samhain 2016.

Díbhtear an chuid eile don chaingean.

Ordaítear do Phoblacht na hOstaire agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 389, 10.10.2022.