Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2024 – Kailli v an Pharlaimint
(Cás T-212/24)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Eva Kaili (Ixelles, an Bheilg) (ionadaithe: S. Pappas agus A. Pappas, Dlíodóirí)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Cinneadh an 6 Feabhra 2024 lena tharscaoil an Pharlaimint díolúine an iarratasóra a chur ar neamhní;
a ordú don Pharlaimint na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir 10 saincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheanglas fíor-riachtanach nós imeachta. Sháraigh Uachtarán na Parlaiminte agus Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla andualgas scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an iarrata chun díolúine an iarratasóra a tharscaoil.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear nach bhfuil aon bhunús dlí ag an iarraidh ón bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach dár dáta 15 Nollaig 2022.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear nach bhfuil dlínse ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach iarraidh a dhéanamh chun díolúine an iarratasóra a tharscaoil.
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh díolúine an iarratasóra, mar a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 de Phrótacal Uimh. 7 i ndáil le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh (IO 2016 C 202, lch. 266) (‘an Prótacal i ndáil le pribhléidí agus díolúintí’).
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO 2017, L 283, lch. 1).
An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla Airteagail 7 go 9 den Phrótacal i ndáil le pribhléidí agus díolúintí agus Airteagail 5(2), 6(1) agus 9 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.
An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart éisteachta an iarratasóra.
An ochtú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Pharlaimint Airteagal 9(1)(b) den Phrótacal i ndáil le pribhléidí agus díolúintí.
An naoú saincheist dlí lena n-éilítear, mar mhalairt air sin, sárú ar Airteagal 9(2)(a) den Phrótacal i ndáil le pribhléidí agus díolúintí.
An deichiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 9 den Phrótacal i ndáil le pribhléidí agus díolúintí sa chaoi is gur dhiúltaigh an Pharlaimint a admháil go raibh fumus persecutionis i gceist.
____________