Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) an 18 Deireadh Fómhair 2023 – Servoprax GmbH v Hauptzollamt Duisburg

(Cás C-631/23)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Finanzgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Servoprax GmbH

Cosantóir: Hauptzollamt Duisburg

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil an Ainmníocht Chomhcheangailte in Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 1 sa leagan de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1821 2 , sa leagan de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1925 3 agus sa leagan de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1602 4 le léiriú sa chaoi go bhfuil na dronnóga den chineál a ndéantar cur síos orthu san ordú le haicmiú i bhfo-cheannteideal 9018 90 84 den Ainmníocht Chomhcheangailte?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist: an bhfuil an dara habairt d’Airteagal 252 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 1 bailí?

____________

1     Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 1987 L 256, lch. 1).

1     Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1821 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2016 lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 2016 L 294, lch. 1).

1     Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1925 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 2017 L 282, lch. 1).

1     Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1602 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 2018 L 273, lch. 1).

1     Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO 2015 L 343, lch. 1).