Language of document : ECLI:EU:T:2024:363

Cásanna Uamtha T-530/22 go T-533/22

Magistrats européens pour la démocratie et les libertés (Medel)

      International Association of Judges      

Association of European Administrative Judges

Stichting Rechters voor Rechters

v

Comhairle an Aontais Eorpaigh

 Ordú na Cúirte Ginearálta (an Mór-Dhlísheomra) an 4 Meitheamh 2024

(Caingne le haghaidh neamhniú  – Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle – Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Pholainn a fhormheas – Easpa cúram díreach – Do-ghlacthacht)

Caingean le haghaidh neamhniú – Daoine nádúrtha nó dlítheanacha – Gníomhartha is dá gcúram go díreach agus go leithleach – Caingean arna tionscnamh ag comhlachas – Inghlacthacht – Critéir

(An ceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE)

(féach mír 40)

Caingean le haghaidh neamhniú  – Daoine nádúrtha nó dlítheanacha – Gníomhartha is dá gcúram go díreach agus go leithleach – Caingean de chuid comhlachas gairmiúil chun a chomhaltaí a chosaint agus chun ionadaíocht a dhéanamh orthu – Cúram díreach – Critéir – Comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar leasanna a gcomhaltaí a raibh seasamh acu féin chun imeachtaí a thionscnamh – Easpa nasc díreach idir an gníomh atá faoi chonspóid agus a éifeachtaí ar na hábhair dá ndéanann na comhlachais is iarratasóirí ionadaíocht – Do-ghlacthacht

(An ceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE)

(féach míreanna 62-89, 93, 109)

Caingean le haghaidh neamhniú  – Daoine nádúrtha nó dlítheanacha – Gníomhartha is dá gcúram go díreach agus go leithleach  – Cúram díreach – Critéir – An fhéidearthacht agóid a dhéanamh i gcoinne coinníollacha inghlacthachta tríd an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a agairt – Easpa – An fhéidearthacht na coinníollacha inghlacthachta a mhaolú d’fhonn easnaimh Ballstáit i ndáil le géarchéim an smachta reachta a leigheas a luaithe is féidir – Éagmais

(Airteagal 2 agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE; an ceathrú fomhír d’Airteagal 263 agus Airteagal 266 CFAE; Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)

(féach míreanna 113-115, 117, 118)

Résumé

Ag teacht le chéile di mar Mhór-Dhlísheomra, rinne an Chúirt Ghinearálta na caingne arna dtionscnamh ag ceithre chomhlachas breithiúna, (1) ag iarraidh an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle a chur ar neamhní maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta do Phoblacht na Polainne a fhormheas, a dhíbhe. (2)

Is comhlachais ionadaíocha breithiúna ar an leibhéal idirnáisiúnta iad na hiarratasóirí a bhfuil a gcomhaltaí, mar riail ghinearálta, ina gcomhlachais ghairmiúla náisiúnta, lena n áirítear comhlachais bhreithiúna na Polainne.

An 12 Feabhra 2021, ghlac Parliamint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh Rialachán 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (an tSaoráid). (3) Faoin tSaoráid, féadfar cistí a sholáthar do na Ballstáit, i bhfoirm ranníocaíocht airgeadais, arb é atá inti tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha nó i bhfoirm iasachta.

Leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, d’fhormheas an Chomhairle an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta de Phoblacht na Polainne agus shonraigh sí, san Iarscríbhinn a ghabhann leis, na clocha míle agus na spriocanna atá le baint amach ag an mBallstát sin ionas go scaoilfear an ranníocaíocht airgeadais a cuireadh ar fáil dó sa chinneadh atá faoi chonspóid. Áirítear leis an gcéad Chuid den Iarscríbhinn sin a ghabhann leis, go háirithe, na bearta maidir le hathchóiriú breithiúnach sa Pholainn a shonraítear i gclocha míle F1G, F2G agus F3G. (4) Rinne na hiarratasóirí agóid i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid a mhéid nach bhfuil na clocha míle ag luí le dlí an Aontais.

Lena hordú, seasann an Chúirt Ghinearálta leis an bpléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Chomhairle, de bhun Airteagal 130(1) dá Rialacha Nós Imeachta, agus, dá bhrí sin, déanann sí caingne na n-iarratasóirí a dhíbhe.

Breithniú na Cúirte Ginearálta

Mar réamhphointe, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire, ós rud é gur chuig Poblacht na Polainne a n-dírítear an cinneadh atá faoi chonspóid, ní mór inghlacthacht na gcaingne a scrúdú i bhfianaise an dara agus an tríú habairt den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE, ina n-éilítear an coinníoll maidir le cúram díreach. (5)

Déanann an Chúirt Ghinearálta anailís, ar an gcéad dul síos, ar inghlacthacht chaingne na n iarratasóirí ag gníomhú dóibh ina n-ainm féin.

I ndáil leis sin, measann an Chúirt Ghinearálta nach dtugtar an chumhacht nós imeachta sin dóibh le haon fhoráil dlí a bhaineann leis an tSaoráid. Ar an gcaoi chéanna, ós rud é go bhfeidhmíonn siad go rialta mar idirghabhálaithe d’institiúidí an Aontais maidir le saincheist an neamhspleáchais bhreithiúnaigh, ní thugann sé sin údar lena seasamh chun imeachtaí a thionscnamh.

Ina dhiaidh sin, scrúdaíonn an Chúirt inghlacthacht chaingne na n-iarratasóirí atá ag gníomhú thar ceann a gcomhaltaí a bhfuil a leasanna á gcosaint acu.

I ndáil leis sin, déanann na hiarratasóirí idirdhealú idir trí ghrúpa breithiúna, lena n-áirítear, go háirithe, breithiúna Polannacha a bhfuil baint acu le cinntí an Dlísheomra Araíonachta a ndéanann an nós imeachta athbhreithnithe a bheartaítear le clocha míle F2G agus F3G difear díreach dóibh, breithiúna uile na Polainne a ndéanann an nós imeachta athbhreithnithe sin agus cloch mhíle F1G difear díreach dóibh, agus na breithiúna Eorpacha eile go léir a ndéanann na clocha míle sin difear díreach dóibh.

Maidir leis na breithiúna sa chéad ghrúpa, scrúdaíonn an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, substaint an chinnidh atá faoi chonspóid, arna mheas i bhfianaise a ábhair agus a chomhthéacs.

Tugann sí dá haire go gcuirtear, leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, íocaíocht ranníocaíochta airgeadais faoi réir coinníollacha a chomhlíonadh, eadhon cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú orthu agus arna bhformheas ag an gComhairle, lena n-áirítear comhlíonadh clocha míle agus spriocanna, ar bearta dul chun cinn iad, i dtreo athchóiriú a bhaint amach. Agus iad de chineál coinníollachta buiséadaí sa mhéid gur coinníoll maidir le maoiniú faoin tSaoráid é iad a chomhlíonadh, léirítear gaol le clocha míle F1G, F2G agus F3G idir an urraim do luach an smachta reachta, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais.

Agus na clocha míle sin á socrú aici, áfach, ní raibh an Chomhairle ag iarraidh teacht in ionad na rialacha maidir le luach an smachta reachta ná maidir le cosaint bhreithiúnach éifeachtach, mar a shoiléirítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais. Dá bhrí sin, agus iad á mbunú, níor fhéach an Chomhairle le húdarú a thabhairt do Phoblacht na Polainne gan breithiúnais na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh lena gcinntear nár chomhlíon an Ballstát sin luach an smachta reachta nó prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí.

I bhfianaise na mbreithnithe sin, scrúdaíonn an Chúirt Ghinearálta, ar an dara dul síos, an cúram díreach a bhaineann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid ó bhreithiúna an chéad ghrúpa i bhfianaise chloch mhíle F2G. Cuireann sí in iúl, chun difear díreach a dhéanamh do na breithiúna lena mbaineann cinntí an Dlísheomra Araíonachta, ní mór nasc díreach a bheith ann idir an cinneadh atá faoi chonspóid agus a éifeachtaí ar na breithiúna sin.

I ndáil leis sin, tá cloch mhíle F2G teoranta do choinníoll a leagan síos a bheadh le comhlíonadh ag Poblacht na Polainne chun go mbeadh sí in ann tairbhe a bhaint as maoiniú. Ní raibh sé d’éifeacht ag an gcinneadh atá faoi chonspóid breithiúna a ndéanann cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh a chur faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos ann, ná ní raibh riail shonrach infheidhme go díreach ina leith dá bharr. Dá bhrí sin, trí fhoráil a dhéanamh do chloch mhíle F2G, níor forchuireadh go cinntitheach oibleagáidí sonracha i gcaidreamh Phoblacht na Polainne le breithiúna a ndéanann cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh agus níl aon nasc díreach ann.

Dá bhrí sin, fiú tar éis ghlacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, bhí staid na mbreithiúna a ndearna cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh fós faoi rialú fhorálacha ábhartha dhlí na Polainne is infheidhme maidir leis an gcás sin agus fhorálacha dhlí an Aontais agus bhreithiúnais na Cúirte Bhreithiúnais, gan cloch mhíle F2G a shonraítear sa chinneadh sin trí staid dhlíthiúil na mbreithiúna sin a athrú go díreach, sa chiall a éilítear leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE.

Maidir leis na breithiúna sa dara grúpa, dearbhaíonn an Chúirt Ghinearálta nár léirigh na hiarratasóirí go bhfuil nasc sách dlúth ann idir cás bhreithiúna uile na Polainne agus cloch mhíle F1G. Maidir leis na breithiúna sa tríú grúpa, diúltaíonn an Chúirt Ghinearálta freisin d’argóint na n-iarratasóirí go ndéantar difear díreach le clocha míle F1G, F2G agus F3G do gach breitheamh Eorpach eile.

Dá bhrí sin, ós rud é nach bhfuil na breithiúna a bhfuil a leasanna á gcosaint ag na hiarratasóirí iad féin i dteideal imeachtaí a thionscnamh, ní chomhlíonann na hiarratasóirí ach oiread na coinníollacha chun a gcaingne a bheith inghlactha.

Ar deireadh, diúltaíonn an Chúirt Ghinearálta d’argóint na n-iarratasóirí gur cheart coinníollacha na hinghlacthachta a mhaolú. Bheadh maolú den sórt sin contrártha don cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE agus do chásdlí na Cúirte Breithiúnais araon. Ní féidir leis na heasnaimh shistéamacha sa chóras breithiúnach sa Pholainn, arna líomhain ag na hiarratasóirí, in aon chás, údar a thabhairt don Chúirt Ghinearálta maolú ar an gcoinníoll maidir le cúram díreach a bhfuil feidhm aige maidir le caingne arna dtionscnamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha.

Chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl go bhfuil an cinneadh sin gan dochar don oibleagáid atá ar Phoblacht na Polainne, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 266 CFAE, na heasnaimh arna sainaithint ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndáil le géarchéim an smachta reachta a leigheas a luaithe is féidir. Níl aon tionchar ag an gcinneadh sin ach oiread ar an bhféidearthacht atá ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais caingean a thionscnamh i gcoinne aon fhorálacha arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bhfuil sé beartaithe éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a bheith acu, ná ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin d’fhonn rannchuidiú lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a eascraíonn as rialacha an Aontais maidir leis an smacht reachta.


1      Magistrats européens pour la démocratie et les libertés (Medel) i gCás T-530/22, International Association of Judges (IAJ) i gCás T-531/22, Association of European Administrative Judges (AEAJ) i gCás T-532/22 agus Stichting Rechters voor Rechters i gCás T-533/22.


2      Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta do Phoblacht na Polainne a fhormheas, arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 8 Nollaig 2023 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’).


3      Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO 2021 L 57, lch. 17).


4      Éilítear leis na clocha míle a sonraíodh, ar bearta dul chun cinn iad i dtreo athchóiriú a bhaint amach, neamhspleáchas agus neamhchlaontacht bhreithiúna Polannacha a neartú (cloch mhíle F1G), a áirithiú go mbeidh rochtain ag breithiúna a mbíonn tionchar ag cinntí an Izba Dyscyplinarna (Dlísheomra Araíonachta) den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach, an Pholainn) (‘an Dlísheomra Araíonachta’) orthu ar nós imeachta lena gceadaítear athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí an Dlísheomra sin a ndéanann difear dóibh (cloch mhíle F2G), agus a áirithiú go raibh na nósanna imeachta athbhreithnithe dá dtagraítear i gcloch mhíle F2G le tabhairt i gcrích, i bprionsabal, de réir an amchláir tháscaigh, sa cheathrú ráithe de 2023 (cloch mhíle F3G).


5      I gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chéad mhír agus sa dara mír, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh gnímh a díríodh chuig an duine sin nó gnímh is dá chúram go díreach agus go leithleach, agus in aghaidh gnímh rialúcháin is dá chúram go díreach agus nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leis.