Caingean arna tabhairt an 27 Aibreán 2024 – KF v BEI
(Cás T-222/24)
Teanga an chás: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: KF (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)
Cosantóir: An Banc Eorpach Infheistíochta
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;
mar thoradh air sin,
Cinneadh BEI an 17 Eanáir 2024 lena ndiúltaítear dá ghearán chiaptha a mhéid a bhaineann le B a chur ar neamhní;
a ordú do BEI cúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir a íoc, measúnaithe ag EUR 50 000;
a ordú do BEI na costais go léir a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an mbeartas nua le haghaidh dínit ag an obair agus sárú ar inniúlachtaí an Uachtaráin agus an Coiste Imscrúdaitheach.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar choincheap an chiaptha agus earráidí measúnaithe.
____________