Language of document :

Caingean arna tabhairt an 9 Iúil 2024 – Ríocht na Spáinne v Parlaimint na hEorpa

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-479/24)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: A. Gavela Llopis agus L. Aguilera Ruiz, Gníomhairí)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

Cinneadh C/2024/2526 an 15 Aibreán 2024 ó Pharlaimint na hEorpa, lena n-eagraítear comórtas oscailte chun liosta de 10 n-iarrthóir de náisiúntacht Lucsamburg a tharraingt suas chun riarthóir i Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa a roghnú, a chur ar neamhní;

an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha ar bith a tharraingeofaí suas, de bhun an chomórtais atá faoi chonspóid, i gcomhréir le Roinn B, ‘An Nós Imeachta’, fomhír 3, ‘Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha’;

go teagmhasach, a dhearbhú go bhfuil Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2022 neamhbhaillí, de bhun Airteagal 277 CFAE;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Sárú ar Airteagal 9 CAE, ar Airteagal 18 CFAE agus ar Airteagal 1d de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin Foirne’). Leagtar síos sna forálacha sin prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais maidir le comhionannas agus neamh-idirdhealú i ndáil le rochtain ar fhostaíocht i seirbhís sibhialta an Aontais, prionsabail a sháraítear sa bheart atá faoi chonspóid toisc go ndéantar idirdhealú leis ar bhonn náisiúntachta agus nach bhfuil údar leordhóthanach leis an idirdhealú agus nach bhfuil sé comhréireach.

Sárú ar Airteagal 27(1) de na Rialacháin Foirne, trí na poist atá le líonadh tríd an gcomórtas a fhorchoimeád le haghaidh náisiúnaigh de chuid Ballstáit amháin, eadhon Lucsamburg. Níl údar leordhóthanach ná sásúil leis an mbeart atá faoi chonspóid. Ní thugtar ráiteas leordhóthanach ar chúiseanna den chineál sin leis an gCinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa agus ní dhéantar tagairt ann d’aon staidéar, anailís nó sonra lena ligfí do mheasúnú a bheith déanta an bhfuil údar leis an mbeart, an bhfuil sé iomchuí nó an bhfuil sé comhréireach.

Sárú ar phrionsabal an fhiúntais mar chritéar maidir le rochtain ar sheirbhís sibhialta an Aontais, a leagtar síos in Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne, agus mainneachtain an chothromaíocht atá le baint amach idir, ar thaobh amháin, an oibleagáid chun bearta éifeachtacha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíocht gheografach agus, ar an taobh eile, prionsabal an fhiúntais mar chritéar chun foireann atá ag obair don Aontas Eorpach a roghnú, a urramú.

Go teagmhasach, agus de bhun Airteagal 277 CFAE, déantar agóid i gcoinne an Chinnidh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2022 ar na forais dhlíthiúla chéanna a leagtar amach thuas.

____________