Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 16 Feabhra 2024 - YC v Stadt Wuppertal

(Cás C-130/24, Stadt Wuppertal)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: YC

Cosantóir: Stadt Wuppertal

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An mbraitheann an ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE ar cibé an féidir nós imeachta víosa, a cheanglaítear le dlí chun cead cónaithe náisiúnta a eisiúint, a chur i gcrích ar bhealach réasúnta laistigh de thréimhse ghearr, atá teoranta go hiontaofa?

2.    An dtagann an ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE chun cinn de bhua dhlí an Aontais, ionas nach gá é sin ach a dheimhniú ag na húdaráis náisiúnta, nó nach mór do na húdaráis náisiúnta ceart cónaithe den sórt sin a dheonú?

3.    Sa chás go n-eascraíonn an ceart cónaithe go huathoibríoch de bhua dhlí an Aontais: cén pointe a thagann an ceart chun cinn?

4.    Sa chás go bhfuil an ceart cónaithe le deonú ag na húdaráis náisiúnta: cén pointe ar cheart é sin a dheonú go haisghníomhach?

____________