Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden (an Ísiltír) a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2023 – KL v Staatssecretaris van Financiën

(Cás C-613/23, Herdijk 1 )

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hoge Raad der Nederlanden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: KL

Freagróir: Staatssecretaris van Financiën

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le prionsabal na comhréireachta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais Eorpaigh ar riail dlí amhail an riail a leagtar amach in Airteagal 36(4) de IW 1990, 1 a fhágann go bhfuil sé thar a bheith deacair, i gcleachtas, ar stiúrthóir duine dhlítheanaigh a mhainnigh ina oibleagáid a chomhlíonadh, nó a chomhlíonadh i gceart, chun fógra a thabhairt do na húdaráis bailithe cánach faoina neamhábaltacht chun íoc, d’fhonn dliteanas i leith fiacha cánach an duine dlítheanaigh sin, lena n-áirítear fiacha cánach ar láimhdeachas, a sheachaint?

An mbraitheann an freagra ar Cheist 1 ar cé acu ar ghníomhaigh an stiúrthóir de mheon macánta, a mhéid a ghníomhaigh sé le cúram duine gnó stuama, an ndearna sé gach beart réasúnta atá faoina chumhacht, agus gur féidir a rannpháirtíocht i mí-úsáid nó calaois a chur as an áireamh?

____________

1 Is ainm bréige é seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Invorderingswet 1990 (Dlí 1990 maidir le bailiú cánacha Stáit).