Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 6 Deireadh Fómhair 2023 ag Yayla Türk Lebensmittelvertrieb GmbH i gcoinne bhreithiunas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a tugadh an 26 Iúil 2023 i gCás T-315/22, Yayla Türk Lebensmittelvertrieb GmbH v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

(Cás C-611/23 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Yayla Türk Lebensmittelvertrieb GmbH (ionadaí: G. Rother, avocat)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Marmara Import-Export GmbH

Le hordú an 9 Eanáir 2024, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.

____________