Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 25 Eanáir 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof - an Ghearmáin) – Laudamotion GmbH v flightright GmbH

(Cás C-474/22 1 , Laudamotion (Staonadh ó eitilt déanach))

(Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Airteagal 3(2)(a) – Airteagal 5(1) – Airteagal 7(1) – Cúiteamh d’aerphaisinéirí i gcás moill fhada ar eitilt – Ceanglas teacht in am trátha le haghaidh seiceáil isteach)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Laudamotion GmbH

Cosantóir: Flightright GmbH

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 3(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás nach gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó go gcuirtear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

chun tairbhe a bhaint as an gcúiteamh dá bhforáiltear in Airteagail 5(1) agus 7(1) den Rialachán sin i gcás moill fhada ar an eitilt, is é sin le rá, trí huaire an chloig nó níos mó tar éis an ama teachta a bhí sceidealta i dtosach ag an aeriompróir, ní mór d’aerphaisinéir é féin a chur i láthair in am trátha le aghaidh seiceáil isteach, nó má chláraigh sé ar líne cheana féin, ní mór dó é féin a chur i láthair in am trátha ag an aerphort d’ionadaí ón aeriompróir oibríochta.

____________

1 IO C 398, 17.10.2022