Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Dioikitiko Protodikeio Thessalonikis (an Ghréig) a taisceadh an 3 Deireadh Fómhair 2023 – FO v Ypourgos Metanastefsis kai Asylou

(Cás C-610/23, Al Nasiria 1 )

Teanga an cháis: an Ghréigis

An chúirt a rinne an tarchur

Dioikitiko Protodikeio Thessalonikis

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FO

Cosantóir: Ypourgos Metanastefsis kai Asylou

Na ceisteanna a tharchuirtear

I bhfianaise a thábhachtaí a bhaineann le hachomharc atá de réir bhrí Airteagal 46 de Threoir 2013/32,1 an féidir leis an reachtas brath ar an toimhde go bhfuil sé míchuí agus, dá bhrí sin, gur féidir é a dhíbhe gan scrúdú iomlán ex nunc a dhéanamh ar an gcás toisc é a bheith go follasach gan bhunús (rud a chiallaíonn freisin nár deonaíodh tréimhse le haghaidh imeacht deonach faoi Airteagal 22(4) de Dhlí Uimh. 3907/2011 agus Airteagal 7 de Threoir 2008/1152 ) ar an bhforas nár tháinig an t-iarratasóir [cosaint idirnáisiúnta] i láthair go pearsanta os comhair an Choimisiúin a rinne scrúdú ar an gcás?

a. Dá gcinnfí go dtagann an cheist sin faoi réim phrionsabal neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát, ar cheart a mheas, i gcomhthéacs phrionsabal an chomhionannais a bheith á scrúdú, go bhfuil rialacha nós imeachta náisiúnta comhchosúla ann mar na rialacha lena rialaítear na nósanna imeachta os comhair na mBord Riaracháin a éisteann achomhairc faoin dlí náisiúnta nó na rialacha nós imeachta lena rialaítear caingne substainteacha (nó caingne le haghaidh neamhniú) a thabhairt os comhair na gcúirteanna riaracháin?

b. An bhfuil foráil na hoibleagáide teacht i láthair go pearsanta (nó an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 78(3) de Dhlí Uimh. 4636/2019 a sheoladh i gcásanna ina bhforáiltear dó) comhoiriúnach le prionsabal éifeachtacht dhlí an Aontais agus, go háirithe, le feidhmiú éifeachtach an chirt chun leigheasanna éifeachtacha? Sa chomhthéacs sin, fiafraítear freisin an bhfuil sé ábhartha, ar an gcéad dul síos, go bhfreagraíonn an toimhde go bhfuil feidhmiú míchuí an chirt chun caingean a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 97(2) de Dhlí Uimh. 4636/2019 ag freagairt do na ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí choiteann agus, ar an dara dul síos, i gcomhthéacs an scrúdaithe (ag an gcéad chéim) ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, go bhfuil toimhde maidir le tarraingt siar intuigthe i gceist leis an iompar céanna agus nach ndiúltaítear don iarratas toisc é a bheith go follasach gan bhunús?

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60).

1 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98).