Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Duisburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 7 Nollaig 2023 - FD v Mercedes-Benz Group AG

(Cás C-751/23, Mercedes-Benz Group)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Duisburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FD

Cosantóir: Mercedes-Benz Group AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

I gcás inar eisíodh cineálcheadú CE le haghaidh cineál mótarfheithicle, an féidir cumhacht cúirte sibhialta Ballstáit den Aontas Eorpach éilimh ar chúiteamh a dheonú don duine a cheannaíonn an mhótarfheithicil a eisiamh nó, ar a laghad, a theorannú, ar mótarfheithicil é, dar leis an monaróir, a monaraíodh agus a cuireadh ar an margadh bunaithe ar an gcineálcheadú CE sin, go háirithe i gcoinne dhíoltóir agus/nó mhonaróir na feithicle sin, ar an bhforas nach sásaíonn an fheithicil sin ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh mar gheall ar imthosca áirithe a mhéid nach bhfuil sé i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe agus/nó go bhfuil an cineálcheadú CE féin neamhdhleathach, gan dearbhú atá riachtanach de réir dlí a bheith eisithe ag ceann de na húdaráis dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2018/858 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018, i ndiaidh eisiúint an chineálcheadaithe CE ar ar a bhonn a monaraíodh an fheithicil sin agus a cuireadh ar an margadh é, dearbhú ar dá réir nach gcomhlíonann an fheithicil atá i gceist ceanglais an Aontais Eorpaigh mar gheall ar na himthosca sin agus na cúiseanna sin, eadhon a mhéid nach gcomhlíonann sé an cineál ceadaithe agus/nó go bhfuil an cineálcheadú CE féin neamhdhleathach?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:

Cad iad na cásanna sonracha ina gcuirfear bac go sonrach ar chúirteanna sibhialta Ballstáit éilimh ar chúiteamh a dheonú o cheannaitheoir mótarfheithicle, ar mótarfheithicil í, de réir an mhonaróra, a monaraíodh agus a cuireadh ar an margadh ar bhonn an chineálcheadaithe CE sin, go háirithe i gcoinne díoltóir agus/nó monaróir feithicle, ar an bhforas nach sásaíonn an fheithicil lena mbaineann ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh mar gheall ar imthosca áirithe a mhéid nach bhfuil sé i gcomhréir leis an gcineálcheadú agus/nó go bhfuil an cineálcheadú CE féin neamhdhleathach?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:

An bhfuil ceanglais i ndlí an Aontais Eorpaigh maidir le dáileadh an dualgais fianaise a thabhairt ar aird agus an ualaigh cruthúnais, solúbthacht sna rialacha fianaise agus na dualgais atá ar na páirtithe i nglacadh na fianaise agus comhlíonadh na gcoinníollacha ina bhféadfaidh cúirt shibhialta Ballstáit, a bhfuil díospóid shibhialta os a comhair idir ceannaitheoir mótarfheithicle agus a monaróir, a dhíol an mhótarfheithicil leis an gceannaitheoir freisin, a bhaineann le hoibleagáid a bheith ar an monaróir an ceannaitheoir a chúiteamh, éilimh ar chúitimh a dheonú do cheannaitheoir na feithicle ar an bhforas nach gcomhlíonann sí ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh a mhéid nach bhfuil sí i gcomhréir leis an gcineálcheadú agus/nó a mhéid atá an cineálcheadú CE féin neamhdhleathach?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 3 agus a mhéid atá ceanglais ag baint le dlí an Aontais Eorpaigh:

Conas is féidir leithdháileadh an dualgais fianaise a thabhairt ar aird a mheas de réir dhlí an Aontais Eorpaigh?

Conas is féidir leithdháileadh an ualaigh cruthúnais a mheas de réir dhlí an Aontais Eorpaigh?

An gcaithfear foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht sna rialacha cruthúnais le haghaidh páirtí amháin nó páirtí eile? Más amhlaidh, cén saghas solúbthachta a bheadh i gceist?

An bhfuil ar pháirtí amháin nó páirtí eile dualgais a chomhlíonadh i nglacadh na fianaise a bhaineann leis na coinníollacha atá i gceist? Más amhlaidh, cén saghas a bheadh i gceist? Más gá dóibh dualgais a chomhlíonadh, cad iad na hiarmhairtí dlíthiúla is gá a cheangal faoi dhlí an Aontais Eorpaigh le sárú páirtí amháin nó páirtí eile ar na dualgais sin?

I gcás inar eisigh ceann de na húdaráis dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 dearbhú atá ceangailteach de réir dlí ar dá réir nach gcomhlíonann mótarfheithicil ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh mar gheall ar imthosca sonracha a mhéid nach gcomhlíonann sí an cineálcheadú agus/nó atá an cineálcheadú CE féin neamhdhleathach, an féidir éileamh ar chúiteamh i gcoinne dhíoltóir agus/nó mhonaróir na feithicle sin a dhiúltú do cheannaitheoir na mótarfheithicle a bhaint de chúirt shibhialta Ballstáit den Aontas Eorpach, nó ar a laghad a theorannú, ar an bhforas, contrártha leis an dearbhú sin atá ceangailteach de réir dlí, go gcomhlíonann an mhótarfheithicil atá i gceist, ar chúiseanna fíorais agus/nó dlí, ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh go hiomlán?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 5:

Cad iad na cásanna sonracha ina gcuirtear bac ar chúirteanna sibhialta Ballstáit go sonrach éileamh ar chúiteamh a dhiúltú do cheannaitheoir na mótarfheithicle i gcoinne a dhíoltóra agus/nó a mhonaróra, ar an bhforas, contrártha leis an dearbhú atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, go gcomhlíonann an mhótarfheithicil atá i gceist ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh go hiomlán ar chúiseanna fíorais agus/nó dlí?

Go sonrach, an mbaineann an teorannú ar chumhacht cúirte sibhialta Ballstáit sna cásanna sin le diúltú éilimh ar chúiteamh ar chúiseanna fíorais nó le diúltú éilimh ar chúiteamh ar chúiseanna dlí amháin nó le diúltú cirt chun cúitimh ar chúiseanna fíorais agus diúltú cirt chun cúitimh ar chúiseanna dlí araon?

Cad iad na coinníollacha ina bhfuil feidhm ag teorainnluachanna astaíochtaí gás ceaptha teasa arna socrú ag Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 le haghaidh mótarfheithiclí a thagann faoi chaighdeán astaíochtaí Euro 5?

Más rud é, i ndiaidh na bhfreagraí ar Cheisteanna 1 go 6, gur féidir cásanna a shamhlú ina n-údaraítear do chúirt shibhialta Ballstáit, a bhfuil díospóid os a comhair a thug ceannaitheoir mótarfheithicle i gcoinne mhonaróir agus/nó dhíoltóir na feithicle, a bhfuil mar chuspóir aici éileamh ar chúiteamh an cheannaitheora i gcoinne mhonaróir agus/nó dhíoltóir na feithicle mar gheall ar neamhchomhlíonadh líomhainte na feithicle le ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh, a chinneadh go neamhspleách an gcomhlíonann an fheithicil atá i gceist ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh maidir le hurramú na dteorainnluachanna d’astaíochtaí gás ceaptha teasa:

An bhfuil ceanglais i ndlí an Aontais Eorpaigh maidir le leithdháileadh an ualaigh cruthúnais, solúbthacht sna rialacha fianaise agus dualgais ar na páirtithe maidir le glacadh na fianaise, i ndáil leis an gceist, sna coinníollacha inar cheart na teorainnluachanna arna socrú a chomhlíonadh, an gcomhlíonann astaíochtaí gás ceaptha teasa mótarfheithiclí na teorainnluachanna sin, i gcomhthéacs díospóid faoin dlí sibhialta a thionscain ceannaitheoir mótarfheithicle i gcoinne mhonaróir na mótarfheithicle, a bhfuil mar chuspóir aici ceart an cheannaitheora chun cúitimh i gcoinne mhonaróir na feithicle mar gheall ar shárú líomhainte na dteorainnluachanna ag an bhfeithicil arna leagan síos sa dlí le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcoinníollacha faoinar cheart iad a chomhlíonadh?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 8 agus a mhéid atá ceanglais faoi dhlí an Aontais Eorpaigh:

Conas is féidir leithdháileadh an ualaigh cruthúnais a mheas de réir dhlí an Aontais Eorpaigh?

An gcaithfear foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht sna rialacha cruthúnais le haghaidh páirtí amháin nó páirtí eile? Más amhlaidh, cén saghas solúbthachta a bheadh i gceist?

An bhfuil ar pháirtí amháin nó páirtí eile dualgais a chomhlíonadh i nglacadh na fianaise? Más amhlaidh, cén saghas dualgais a bheadh i gceist?

Más gá go mbeidh orthu dualgais a chomhlíonadh, cad iad na hiarmhairtí dlíthiúla is gá a cheangal faoi dhlí an Aontais Eorpaigh le sárú páirtí amháin nó páirtí eile ar na dualgais sin?

An bhfuil difríochtaí mar sin ag brath air an bhfuil an t-éileamh ar chúiteamh bunaithe ar mhainneachtain chonarthach nó gníomh neamhdhleathach? Más amhlaidh, cén saghas?

Maidir le heilimint dearaidh i bhfeithicil lena mothaítear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar tras-seolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadair eile chun críocha, ag brath ar an toradh ar an mothú sin, paraiméadair an phróisis dócháin san inneall a mhodhnú, an féidir leis sin éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí, de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 freisin, a laghdú agus, dá bhrí sin, a bheith ina fheiste sáraithe, de réir bhrí Airteagal 3(10) den Rialachán sin, i gcás ina ndéantar, agus paraiméadair an phróisis dócháin á modhnú de réir thoradh an mhothaithe atá déanta leis an eilimint dearaidh, astaíochtaí de shubstaint dhochrach áirithe, amhail ocsaíd nítrigin, a ardú, ar thaobh amháin, ach, san am céanna, ar an taobh eile, astaíochtaí de shubstaint dhochrach amháin eile nó níos mó, amhail cáithníní, hidreacarbóin, aonocsaíd charbóin agus/nó dé-ocsaíd charbóin, a laghdú?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 10:

Sna coinníollacha sin, an bhfuil an eilimint dearaidh sin, i gcás den sórt sin, ina fheiste sáraithe?

An féidir faoi dhlí an Aontais cosc a chur ar chiorcad nó rialaitheoir i bhfeithicil lena ndéantar, trí pharaiméadair an phróisis dócháin a mhodhnú, astaíochtaí de shubstaint dhochrach amháin nó níos mó, amhail ocsaíd nítrigine, a ardú, ar thaobh amháin, ach, san am céanna, ar an taobh eile, astaíochtaí de shubstaint dhochrach amháin eile nó níos mó, amhail caithníní, hidreacharbóin, aonocsaíd charbóin agus/nó dé-ocsaíd charbóin, a laghdú ar chúiseanna eile seachas go bhfuil ann d’fheiste sáraithe de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán Uimh 715/2007?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 12:

Cad iad na coinníollacha faoinarb amhlaidh an cás?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 10:

An údaraítear le hAirteagal 5(2)(a), de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 feiste sáraithe de réir bhrí Airteagal 3(10) den Rialachán sin fiú mura bhfuil gá leis chun an t-inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc, ach go bhfuil gá leis fós chun go n-oibreoidh an fheithicil go sábháilte?

Más rud é, i ndiaidh na bhfreagraí ar Cheisteanna 1 go 6, gur féidir cásanna a shamhlú ina n-údaraítear do chúirt shibhialta Ballstáit, a bhfuil díospóid os a comhair a thug ceannaitheoir mótarfheithicle i gcoinne an mhonaróra agus/nó dhíoltóir na feithicle, a bhfuil mar chuspóir aici éileamh ar chúiteamh an cheannaitheora i gcoinne mhonaróir agus/nó dhíoltóir na feithicle mar gheall ar neamhchomhlíonadh líomhainte na feithicle le ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh, a chinneadh go neamhspleách an gcomhlíonann an fheithicil atá i gceist ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh maidir le hurramú na dteorainnluachanna d’astaíochtaí gás ceaptha teasa:

agus ina theannta sin

más rud é gur freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 10:

An bhfuil ceanglais i ndlí an Aontais Eorpaigh maidir leis an ualach cruthúnais, solúbthacht sna rialacha fianaise agus dualgais ar na páirtithe maidir le glacadh na fianaise i ndíospóid faoin dlí sibhialta a thionscain ceannaitheoir mótarfheithicle i gcoinne a mhonaróra, a bhfuil mar chuspóir aici éileamh ar chúiteamh an cheannaitheora i gcoinne mhonaróir na feithicle mar gheall ar fheiste sáraithe neamhdhleathach de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007, a líomhnaítear a suiteáleadh san fheithicil, a mhéid nach n-aontaíonn na páirtithe faoin bhfianaise a léiríonn go bhfuil feiste sáraithe ann agus go bhfuil sé neamhdhleathach, i gcás inarb é an monaróir an té ónar cheannaigh an ceannaitheoir an fheithicil freisin?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 15 agus a mhéid atá ceanglais faoi dhlí an Aontais Eorpaigh:

Conas is féidir leithdháileadh an ualaigh cruthúnais ar an bpointe seo a mheas de réir dhlí an Aontais Eorpaigh?

An gcaithfear foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht sna rialacha cruthúnais le haghaidh páirtí amháin nó páirtí eile? Más amhlaidh, cén saghas solúbthachta a bheadh i gceist?

An bhfuil ar pháirtí amháin nó páirtí eile dualgais a chomhlíonadh i nglacadh na fianaise? Más amhlaidh, cén saghas dualgais a bheadh i gceist?

Más gá go mbeidh orthu dualgais a chomhlíonadh, cad iad na hiarmhairtí dlíthiúla is gá a cheangal faoi dhlí an Aontais Eorpaigh le sárú páirtí amháin nó páirtí eile ar na dualgais sin?

An bhfuil difríochtaí mar sin ag brath air an bhfuil an t-éileamh ar chúiteamh arna fheidhmiú bunaithe ar mhainneachtain chonarthach nó gníomh neamhdhleathach agus, más amhlaidh go bhfuil, cé acu?

Más rud é, i ndiaidh na bhfreagraí ar Cheisteanna 1 go 6, gur féidir cásanna a shamhlú ina n-údaraítear do chúirt shibhialta Ballstáit, a bhfuil díospóid os a comhair a thug ceannaitheoir mótarfheithicle i gcoinne an mhonaróra agus/nó dhíoltóir na feithicle, a bhfuil mar chuspóir aici éileamh ar chúiteamh an cheannaitheora i gcoinne mhonaróir agus/nó dhíoltóir na feithicle mar gheall ar neamhchomhlíonadh líomhainte na feithicle le ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh, a chinneadh go neamhspleách an gcomhlíonann an fheithicil atá i gceist ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh maidir le ciorcaid agus rialaitheoirí arna suiteáil inti:

agus, ina theannta sin,

más rud é gur freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 12:

An bhfuil ceanglais i ndlí an Aontais Eorpaigh maidir leis an ualach cruthúnais, solúbthacht sna rialacha fianaise agus dualgais ar na páirtithe maidir le glacadh fianaise i gcomhthéacs díospóid faoin dlí sibhialta a thionscain ceannaitheoir mótarfheithicle i gcoinne a mhonaróra, a bhfuil mar chuspóir aici éileamh ar chúiteamh an cheannaitheora i gcoinne mhonaróir agus/nó dhíoltóir na feithicle mar gheall ar chiorcaid nó rialaitheoir a líomhnaítear gur suiteáladh é san fheithicil, nach ceart a aicmiú mar fheiste sáraithe de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007, ach a cheaptar a bheith neamhdhleathach ar chúiseanna eile, a mhéid nach n-aontaíonn na páirtithe faoin bhfianaise a go bhfuil ciorcaid nó rialaitheoir ann agus go bhfuil sé neamhdhleathach, i gcás inarb é an monaróir an té ónar cheannaigh an ceannaitheoir an fheithicil freisin?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 17 agus a mhéid atá ceanglais faoi dhlí an Aontais Eorpaigh:

Conas is féidir leithdháileadh an ualaigh cruthúnais ar an bpointe seo a mheas de réir dhlí an Aontais Eorpaigh?

An gcaithfear foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht sna rialacha cruthúnais le haghaidh páirtí amháin nó páirtí eile? Más amhlaidh, cén saghas solúbthachta a bheadh i gceist?

An bhfuil ar pháirtí amháin nó páirtí eile dualgais a chomhlíonadh i nglacadh na fianaise? Más amhlaidh, cén saghas dualgais a bheadh i gceist?

Más gá dóibh dualgais a chomhlíonadh, cad iad na hiarmhairtí dlíthiúla is gá a cheangal faoi dhlí an Aontais Eorpaigh le sárú páirtí amháin nó páirtí eile ar na dualgais sin?

An bhfuil difríochtaí mar sin ag brath air an bhfuil an t-éileamh ar chúiteamh arna fheidhmiú bunaithe ar mhainneachtain chonarthach nó gníomh neamhdhleathach agus, más amhlaidh go bhfuil, cé acu?

An bhfuil sé de chuspóir freisin ag forálacha Threoir 2007/46/CE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 agus go sonrach Airteagal 18(1) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 26(1) agus Airteagal 3(36), agus ag na forálacha atá le glacadh ag na Ballstáit ar a mbonn, go gcosnaítear go córasach, nó ar a laghad i gcásanna áirithe, ceannaitheoir aonair mótarfheithicle, beag beann ar an duine ónar cheannaigh sé an mhótarfheithicil, i ndáil le monaróir na mótarfheithicle freisin, i gcoinne idirbheart ceannaithe atá díobhálach dó ó thaobh airgeadais de i ndáil le mótarfheithicil nach gcomhlíonann ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh, ar ceannachán é nach mbeadh déanta aige dá mbeadh a fhios aige nach gcomhlíonann an mhótarfheithicil ceanglas dhlí an Aontais Eorpaigh, toisc nach mbeadh sin uaidh agus ionas nach mbeidh sé faoi cheangal fós, go páirteach fiú, ag an gceannachán sin, agus ionas nach mbeidh air íoc as na táillí aisíocaíochta arna dtabhú go réasúnta chun a dhearbhú nach bhfuil aon cheangal aige a thuilleadh le ceannachán den sórt sin nach raibh uaidh? Mura bhfuil an cuspóir sin acu ach i gcásanna áirithe agus/nó go pointe áirithe, cad iad na cásanna sin agus/nó an pointe sin?

Gan beann ar an bhfreagra ar Cheist 19 thuasluaite, an faoi mhonaróir na feithicle go córasach é, nó ar a laghad i gcásanna áirithe, ar chúiseanna eile de bhun dhlí an Aontais Eorpaigh, arb eisean a sháraigh na forálacha a ghlac na Ballstáit ar bhonn Airteagal 18(1) agus na chéad fomhíre d’Airteagal 26(1) agus Airteagal 3(36) de Threoir 2007/46/CE, a mhéid a sháraigh sé an toirmeasc ar dhearbhú comhréireachta míchruinn a eisiúint, deireadh a chur leis an gceangal idir an ceannaitheoir, beag beann ar an té ónar cheannaigh sé an fheithicil, agus iarmhairtí an cheannacháin atá mífhabhrach ó thaobh airgeadais dó, a eascraíonn ón sárú sin, de mhótarfheithicil nach gcomhlíonann ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh, ar mótarfheithicil í nach mbeadh uaidh, dá mbeadh a fhios aige nár chomhlíon sí ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, go sonrach, costais cheannaigh na feithicle a aisíoc leis, arna iarraidh sin aige, más iomchuí, go díreach ar thabhairt ar ais na feithicle agus aistriú a húinéireachta lúide luach aon bhuntáistí eile a bheadh faighte ag an gceannaitheoir ó cheannachán na feithicle agus na costais arna dtabhú go réasúnta aige chun an ceart chun aisíocaíocht chostais ceannacháin na feithicle a dhearbhú a aisíoc leis freisin? Murarb amhlaidh ach i gcásanna áirithe agus/nó go pointe áirithe, cad iad na cásanna sin agus/nó an pointe sin?

Mura bhfuil freagra dearfach ar an gceist i bpointe 19 ach i gcásanna áirithe:

An bhfuil ceanglais i ndlí an Aontais Eorpaigh maidir le leithdháileadh an ualaigh cruthúnais, solúbthacht sna rialacha fianaise agus dualgais na bpáirtithe i nglacadh na fianaise maidir leis an gceist cathain a chomhlíontar na coinníollacha le haghaidh cás ina bhfuil sé de chuspóir freisin ag forálacha Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007, agus Airteagal 18(1) agus Airteagal 3(36) di go sonrach agus ag na forálacha atá le glacadh ag na Ballstáit ar a mbonn ceannaitheoir aonair mótarfheithicle a chosaint i ndáil leis an monaróir, ionas nach ndéanfaidh sé ceannachán a bheidh díobhálach dó ó thaobh airgeadais de mhótarfheithicil nach gcomhlíonann ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh, ceannachán nach mbeadh déanta aige dá mbeadh a fhios aige nár chomhlíon an mhótarfheithicil sin ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh, toisc nach mbeadh sin uaidh, agus ionas nach mbeidh sé fós faoi cheangal go páirteach, agus nach mbeidh air na hiarmhairtí a sheasamh, fiú go páirteach, agus ionas nach mbeidh air íoc as na costais arna dtabhú go réasúnta chun a dhearbhú nach bhfuil aon cheangal aige a thuilleadh le ceannachán den sórt sin nach raibh uaidh, i ndíospóid shibhialta idir ceannaitheoir feithicle agus a mhonaróir arna thoghairm sa cháil sin bunaithe ar cheart chun cúitimh an cheannaitheora i gcoinne an mhonaróra as an bhfeithicil a bheith i riocht neamhdhleathach líomhainte?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 21 agus a mhéid atá ceanglais faoi dhlí an Aontais Eorpaigh:

Conas is féidir leithdháileadh an ualaigh cruthúnais ar an bpointe seo a mheas de réir dhlí an Aontais Eorpaigh?

An gcaithfear foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht sna rialacha cruthúnais le haghaidh páirtí amháin nó páirtí eile? Más amhlaidh, cén saghas solúbthachta a bheadh i gceist?

An bhfuil ar pháirtí amháin nó páirtí eile dualgais a chomhlíonadh i nglacadh na fianaise? Más amhlaidh, cén saghas dualgais a bheadh i gceist?

Más gá dóibh dualgais a chomhlíonadh, cad iad na hiarmhairtí dlíthiúla is gá a cheangal faoi dhlí an Aontais Eorpaigh le sárú páirtí amháin nó páirtí eile ar na dualgais sin?

Mura bhfuil freagra dearfach ar an gceist i bpointe 20 ach i gcásanna áirithe:

An bhfuil ceanglais i ndlí an Aontais maidir le leithdháileadh an ualaigh cruthúnais, solúbthacht sna rialacha fianaise agus na dualgais ar na páirtithe i nglacadh na fianaise maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha i gcás inar sháraigh monaróir feithicle, de bhun dhlí an Aontais Eorpaigh, ar chúiseanna seachas iad siúd a thuairiscítear i gCeist 19, na rialacha arna nglacadh ag na Ballstáit ar bhonn Airteagal 18(1) agus na chéad fhomhíre d’Airteagal 26(1) agus Airteagal 3(36) de Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007, a mhéid a sháraigh sé an toirmeasc ar dhearbhú comhréireachta míchruinn a eisiúint, deireadh a chur go hiomlán leis an gceangal idir an ceannaitheoir agus iarmhairtí an cheannacháin sin a eascraíonn ón sárú sin, de mhótarfheithicil nach gcomhlíonann ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh, ar mótarfheithicil í nach mbeadh uaidh, dá mbeadh a fhios aige nár chomhlíon sí ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, go sonrach, costais cheannaigh na feithicle a aisíoc leis, arna iarraidh sin aige, más iomchuí, go díreach ar thabhairt ar ais na feithicle agus aistriú a húinéireachta lúide luach aon bhuntáistí eile a bheadh faighte ag an gceannaitheoir ó cheannachán na feithicle agus thairis sin, freisin, na costais a aisíoc leis arna dtabhú go réasúnta aige chun an ceart chun aisíocaíocht chostais ceannacháin na feithicle a dhearbhú i ndíospóid shibhialta idir ceannaitheoir feithicle agus a mhonaróir arna thoghairm sa cháil sin a bhfuil de chuspóir aici ceart an cheannaitheora chun cúitimh i gcoinne an mhonaróra as an bhfeithicil a bheith i riocht neamhdhleathach?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 23 agus a mhéid atá ceanglais ag baint le dlí an Aontais Eorpaigh:

Conas is féidir leithdháileadh an ualaigh cruthúnais ar an bpointe seo a mheas de réir dhlí an Aontais Eorpaigh?

An gcaithfear foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht sna rialacha cruthúnais le haghaidh páirtí amháin nó páirtí eile? Más amhlaidh, cén saghas solúbthachta a bheadh i gceist?

An bhfuil ar pháirtí amháin nó páirtí eile dualgais a chomhlíonadh i nglacadh na fianaise? Más amhlaidh, cén saghas dualgais a bheadh i gceist?

Más gá dóibh dualgais a chomhlíonadh, cad iad na hiarmhairtí dlíthiúla is gá a cheangal faoi dhlí an Aontais Eorpaigh le sárú páirtí amháin nó páirtí eile ar na dualgais sin?

I gcás ina bhfuil sé de dhualgas ar an monaróir, go bunúsach, ceannaitheoir mótarfheithicle a chúiteamh as dearbhú comhréireachta lena ndearbhaítear go míchruinn go gcomhlíonann an fheithicil na téacsanna dlíthiúla go léir tráth a mhonaraithe, an gceanglaítear le dlí an Aontais Eorpaigh air cúiteamh íosta a dheonú d’fhaighteoir na feithicle le híoc ag an monaróir, lúide na buntáistí a fuarthas ón gceannachán, fiú más rud é, ó thaobh na bhfíoras de, nach ndearnadh aon damáiste don cheannaitheoir nó nach ndearnadh ach damáiste beag dó fiú mura gcuirtear cúiteamh na mbuntáistí sin san áireamh? Mura bhfuil sé riachtanach ach i gcásanna áirithe, cad iad na cásanna sin?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 25, i gcásanna áirithe ar a laghad:

Cad é an méid íosta cúitimh atá le deonú lúide na buntáistí a fuarthas ón gceannachán?

____________

1 Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO 2018 L 151, lch. 1).

1 Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO 2007 L 171, lch 1).

1 Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a fhormheas, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin (Treoir Réime) (IO 2007 L 263, lch. 1).