Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – IU Internationale Hochschule v EUIPO (IU International University of Applied Sciences)

(Cás T-188/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Focalmharc IU International University of Applied Sciences Dearbhfhoras le diúltú – Cineál tuairisciúil Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 Oibleagáid cúiseanna a lua Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: IU Internationale Hochschule GmbH (Erfurt, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Heise, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh an 14 Feabhra 2023 (Cás R 1951/2022-1) ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

    Diúltaítear don chaingean.

    Ordaítear do IU Internationale Hochschule GmbH a chostais féin a íoc.

    Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.

____________

1 IO C 189, 30.5.2023.