Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Markkinaoikeus (an Fhionlainn) an 17 Feabhra 2022 – Teva B.V. agus Teva Finland Oy v Merck Sharp & Dohme Corp.

(Cás C-119/22)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Markkinaoikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Teva B.V. agus Teva Finland Oy

Cosantóir: Merck Sharp & Dohme Corp.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    Cad iad na critéir nach mór a chur i bhfeidhm chun a chinneadh nár deonaíodh deimhniú comhlántach cosanta i leith táirge de réir bhrí Airteagal 3(c) de Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte1 ?

2.    An gcaithfear a mheas go bhfuil an coinníoll dá bhforáiltear in Airteagal 3(c) de Rialachán Uimh. 469/2009 le measúnú ar bhealach difriúil uaidh siúd dá bhforáiltear in Airteagal 3(a) den Rialachán sin agus, más amhlaidh sin, cén chaoi?

3.    Maidir leis an méid a leagtar síos in Teva UK agus Páirtithe eile 1 agus Royalty Pharma Collection Trust 2 i ndáil le léirmhíniú ar Airteagal 3(a) de Rialachán Uimh. 469/2009, an gcaithfear a mheas go bhfuil sé ábhartha maidir le léirmhíniú ar an gcoinníoll dá bhforáiltear in Airteagal 3(c) den Rialachán sin agus, más amhlaidh go bhfuil, cén chaoi? Ina leith sin, ní mór aird ar leith a thabhairt ar an méid a cinneadh sna breithiúnais maidir le hAirteagal 3(a) den Rialachán sin maidir le:

–    bunbhrí na maíomh; agus

–    measúnú ar an gcás de réir dearcadh duine atá oilte ar na gnóthaí sin agus bunaithe ar an staid theicniúil ar an dáta taiscthe nó ar dháta tosaíochta na paitinne bunúsaí.

4.    An bhfuil na coincheapa “gníomhaíocht airgtheach lárnach”, “croílár na gníomhaíochta árthaí” agus/nó “cuspóir an aireagáin” den phaitinn bhunúsach ábhartha i ndáil le hAirteagal 3(c) de Rialachán Uimh. 469/2009 a léiriú agus, más amhlaidh go bhfuil ceann amháin nó níos mó acu ábhartha, conas is cóir iad a chur san áireamh i gcomhthéacs an léirmhínithe ar an bhforáil sin? An bhfuil aon difear maidir le cur i bhfeidhm na gcoincheap sin idir táirge nach bhfuil ach substaint ghníomhach amháin ann (“mona-tháirge”) agus táirge atá déanta de chomhdhéanamh substaintí gníomhacha (“táirge comhdhéanta”), agus, más amhlaidh go bhfuil, cén chaoi? Conas a chaithfear an cheist sin a mheas i gcás ina bhfuil sa phaitinn bhunúsach, ar thaobh amháin, maíomh maidir le “mona-tháirge” agus, ar an taobh eile, maíomh maidir le táirge comhdhéanta agus ina mbaineann an maíomh deireanach sin le comhdhéanamh substaintí gníomhacha ina bhfuil substaint ghníomhach an mhona-tháirge agus substaint ghníomhach amháin nó níos mó ó theicníc a bhí ann cheana?

____________

1     IO 2009 L 152, lch. 1.

1     Breithiúnas an 25 Iúil 2018, Teva UK agus páirtithe eile (C-121/17, EU:C:2018:585).

1     Breithiúnas an 30 Aibreán 2020, Royalty Pharma Collection Trust (C-650/17, EU:C:2020:327).