Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 6 Feabhra 2024 – S.A., R.J. v An tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Éire, An tArd-Aighne
(Cás C-97/24, An tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
An Ard-Chúirt (Éire)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: S.A. agus R.J.
Cosantóir: An tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Éire agus an tArd-Aighne
Na ceisteanna a tharchuirtear
I gcás nach luaitear ‘force majeure’ mar chosaint i dTreoir nó i Rialacháin chur chun feidhme i gceist, an bhfuil cosaint dá leithéid ar fáil mar sin féin mar chosaint ar éileamh Francovich 1 ar dhamáistí le haghaidh sárú ar oibleagáid de bhun dhlí an Aontais Eorpaigh lena mbronntar cearta a thagann ó cheart bunúsach an duine chun a dhínite dá bhforáiltear in Airteagal 1 den Chairt [um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh] ar dhaoine aonair (cibé mar chosaint faoin dara cuid den teist in Brasserie du Pêcheur/Factortame 2 nó ar chaoi eile)?
Más thugtar freagra dearfach ar cheist 1, céard iad paraiméadair agus raon feidhme na cosanta force majeure sin?
____________
1 ECLI:EU:C:1991:428.
1 ECLI:EU:C:1996:79.