Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 11 Nollaig 2023 – N. V. N. v Komise pro rozhodování ve věcech pobytu cizinců

(Cás C-761/23, Komise pro rozhodování ve věcech pobytu cizinců)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: N.V.N.

Cosantóir: Komise pro rozhodování ve věcech pobytu cizinců

An cheist a tharchuirtear

Maidir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar chúirt rialú a thabhairt in imeachtaí breithiúnacha maidir le doiciméid nó taifid rúnaicmithe a scrúdú, ar doiciméid nó taifid iad ar coimeádadh ar leithligh, seachas sa chomhad riaracháin – in imeachtaí os comhair údarás riaracháin maidir le ceadúnas aonair a eisiúint – de réir bhrí Airteagal 4 de Threoir 2011/98/AE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh ceadúnas aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit?

____________

1 Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh ceadúnas aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar de chearta comhchoiteanna d’oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát (IO 2011 L 343, lch. 1).