Language of document :

Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 18 Deireadh Fómhair 2022 – Fresenius Kabi Austria agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-416/22 R)

(Bearta eatramhacha – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Treoir 2001/83/CE – Údarú margaíochta a dheonú do tháirgí íocshláinte ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach “réiteach stáirse hiodrocsa-eitile (HES) le haghaidh insilte” – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Fresenius Kabi Austria GmbH (Graz, an Ostair) agus na 14 iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha san aguisín a ghabhann leis an ordú (ionadaithe: W. Rehmann agus A. Knierim, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Escobar Gómez agus K. Mifsud-Bonnici, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena n-iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí ar fionraí forghníomhú Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3591 final ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2022, maidir le, faoi chuimsiú Airteagal 107p de Threoir 2001/83/CE ón Pharlaimint agus ón gComhairle, údaraithe margaíochta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach “réiteach stáirse hiodrocsa-eitile (HES) le haghaidh insilte”, tar éis meastóireachta ar staidéar sábháilteachta iar-údaraithe.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

Forchoimeádtar na costais.

____________