Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – Noah Clothing v EUIPO – Noah (NOAH)
(Cás T-562/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Trádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘NOAH’ – Fíorúsáid an trádmhairc – Cineál úsáide – An dara fomhír d’Airteagal 18(1)(a), agus Airteagal 58(1) (a) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Fianaise a thabhairt maidir le fíorúsáid – Airteagal 95(2) de Rialachán 2017/1001 – Airteagail 19(1) agus 10(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 – An ceart chun éisteacht a fháil)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Noah Clothing LLC (Nua Eabhraic, Nua Eabhraic, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: W. Leppink, P. Trapman agus C. Bey, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: C. Bovar agus D. Hanf, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Yannick Noah (Feucherolles, an Fhrainc) (ionadaí: A. Berthet, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúil an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Iúil 2022 (Cás R 504/2021-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Noah Clothing LLC na costais a íoc.
____________
1 IO C 418, 31.10.2022.