Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Iaşi (Romania) a taisceadh an 17 Samhain 2023 – Şcoala gimnazială ‘Mihai Eminescu’ Vaslui v Uniunea Sindicală ‘Didactica’ Vaslui, ar son agus thar ceann na mball seo a leanas: KM agus páirtithe eile

(Cás C-706/23, Şcoala gimnazială ‘Mihai Eminescu’)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Iaşi

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir agus cosantóir: Şcoala gimnazială ‘Mihai Eminescu’ Vaslui

Freagróir agus iarratasóir: Uniunea Sindicală ‘Didactica’ Vaslui, ar son agus thar ceann na mball seo a leanas: KM agus páirtithe eile

Na ceisteanna a tharchuirtear

Ar cheart Airteagal 7(1) de Threoir 2003/88,1 Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a ghabhann le Treoir 97/81/CE,2 (agus) Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe a thug CEC, UNICE agus CEEP chun críche agus atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999,3 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás ina bhfuil conarthaí fostaíochta iolracha ag oibrí in earnáil an oideachais scoile – [is é sin] do chonradh lánaimseartha ar feadh tréimhse éiginnte [i ndáil leis] an (b)post bunúsach atá acu agus conradh páirtaimseartha ar théarma socraithe[, is é sin le rá] conradh le pá in aghaidh na huaire – go bhfuil an t-oibrí i dteideal luach saothair i leith saoire le pá arna ríomh maidir leis an bpost bunúsach amháin?

Ar cheart Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a ghabhann le Treoir 97/81/CE, Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe a thug CEC, UNICE agus CEEP chun críche (agus atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le) Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999, agus Airteagal 7(1) de Threoir 2003/88 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta agus ar chleachtas náisiúnta lena gcuirtear cosc, i gcás conarthaí fostaíochta iolracha ag foireann teagaisc scoile - [is é sin] conradh lánaimseartha don bhunphost agus conradh páirtaimseartha ar théarma socraithe[, is é sin le rá] conradh le pá in aghaidh na huaire - ar liúntas ceaintín a dheonú i gcomhréir leis an am iarbhír a oibríodh faoin gconradh páirtaimseartha ar théarma socraithe, agus go n-áireofaí an liúntas sin agus méid an liúntais saoire bhliantúil á chinneadh?

____________

1 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO 2003 L 299, lch. 9).

1 Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a thug ETUC, UNICE agus CEEP chun críche (IO 1998 L 14, lch. 9).

1 Treoir 1997/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair téarma shocraithe a thug ETUC, UNICE agus CEEP chun críche (IO 1999 L 175, lch. 43).