Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2024 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne
(Cás C-200/24)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: U. Małecka, M. Mataija, i gcáil Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht na Polainne
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
a dhearbhú, trí ghlacadh Airteagal 94a(1) den Prawa Farmaceutycznnego (Dlí na Cógaisíochta, an Pholainn), gur mhainnigh Poblacht na Polainne ina cuid oibleagáidí de réir Airteagal 8(1) de Threoir 2000/31 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach agus faoi Airteagail 49 agus 56 CFAE;
a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
An 1 Eanáir 2012, rinne Poblacht na Polainne Prawa Farmaceutycznnego (Dlí na Cógaisíochta, an Pholainn) a leasú trí fhoráil nua a chur leis – Airteagal 94a(1). Cuirtear cosc leis an bhforáil sin ar fhógraíocht a dhéanamh faoi chógaslanna agus íoclanna faoin tuath agus faoina ngníomhaíochtaí.
Lena chaingean, maíonn an Coimisiún go sáraítear leis an gcosc Airteagal 8(1) de Threoir 2000/31, 1 a mhéid a chuirtear cosc leis ar gach cineál ríomhchumarsáide tráchtála, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin arna bhunú ag cógaiseoir atá ag obair i gcógaslann nó in íoclann faoin tuath. Chomh maith leis sin, áitíonn an Coimisiún go gcuirtear srian leis an gcosc ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, thar an méid is gá chun cuspóir na sláinte poiblí i bPoblacht na Polainne a bhaint amach. Cuirtear bac lena leithéid de chosc, inter alia, ar fheidhmiú ghníomhaíochtaí cógaslann i mBallstáit eile ar mian leo a gcuid seirbhísí a sholáthar i bPoblacht na Polainne (srian ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar) agus ar an tsaoirse chun bunaíochtaí nua a bhunú atá ag cógaslanna nó leanúint dá gcuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí a thairiscint do chustaiméirí sa tír sin (srian ar an tsaoirse bunaíochta).
Sheol an Coimisiún chuig Poblacht na Polainne litir fógra fhoirmiúil an 25 Eanáir 2019 agus tuairim réasúnaithe an 3 Iúil 2020. Ar dháta thaisceadh na caingne seo, níl deireadh curtha ag an gCoimisiún leis an sárú arna líomhain ag an gCoimisiún.
____________
1 IO 2000 L 178, lch. 1.