Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 16 Meitheamh 2022 ag Cargolux Airlines International SA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 30 Márta 2022 i gCás T-334/17, Cargolux Airlines v an Coimisiún

(Cás C-401/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Cargolux Airlines International SA (ionadaí: E. Aliende Rodríguez, abogada)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an breithiúnais atá faoi achomharc a neamhniú ina iomláine;

i dtosach báire, Airteagail 1(1) agus 1(4) de Chinneadh C(2017) 1742 final ón gCoimisiún an 17 Márta 2017 maidir le himeacht de bhun Airteagal 101 CFAE, Airteagal 53 de Chomhaontú LEE agus Airteagal 8 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (Cás AT.39258 – Airfreight) (an Cinneadh), a neamhniú ina n-iomláine, a mhéid a bhaineann siad leis an achomharcóir;

de rogha air sin, Airteagail 1(1) agus 1(4) den Chinneadh a neamhniú go páirteach a mhéid a bhaineann siad leis an achomharcóir agus leis an iompar a bhaineann le coimisiúnú agus/nó leis an formhuirear slándála, agus/nó Airteagail 1(1) agus 1(4) a neamhniú a mhéid a bhaineann siad leis an achomharcóir agus le bealaí isteach, agus i ngach cás an fhíneáil a gearradh ar an achomharcóir faoi Airteagal 3(f) den Chinneadh a laghdú dá réir sin;

an fhíneáil a gearradh ar an achomharcóir faoi Airteagal 3(f) den Chinneadh a neamhniú ina iomláine nó, de rogha air sin, é a laghdú go suntasach;

de rogha air sin, má mheasann an Chúirt seo nach féidir léi breithiúnas cinntitheach a thabhairt ar an ábhar, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

a ordú don Choimisiún costais an achomharcóra arna dtabhú sna himeachtaí os comhair na Cúirte seo agus os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc; agus

aon ordú eile atá cuí i bhfianaise fhíricí an cháis seo a dhéanamh.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena n-achomharc, maíonn an t-achomharcóir na ceithre saincheist dlí a leanas:

Lena chéad fhoras achomhairc, maíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí sheasamh le dlínse an Choimisiúin chun sárú ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú LEE a shainaithint agus pionós a ghearradh dá bharr, ar sárú é maidir le seirbhísí aerlasta ó thriú tíortha go tíortha laistigh de LEE (i.e. bealaí isteach). Go sonrach, maíonn an t-achomharcóir go ndearna an Coimisiún earráid dlí tríd an tástáil dlí mícheart a chur i bhfeidhm chun dlínse a dhearbhú de bhun dlí phoiblí idirnáisiúnta agus ní de bhun dlí AE agus, ar aon chaoi, rinne sé an caighdeán “éifeachtaí cáilithe” a chur i bhfeidhm sa bhealach mícheart de réir dlí phoiblí idirnáisiúnta.

Lena dhara foras achomhairc, maíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí sheasamh le cinneadh an Choimisiúin gur sárú de réir cuspóra ab ea iompar an achomharcóra. Go sonrach, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí sheasamh le cinneadh an Choimisiúin gur sárú de réir cuspóra ab ea an iompar i leith neamh-íocaíocht coimisiún ar fhormhuirir.

Lena thríú foras achomhairc, maíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a rinne sí an tástáil dlí chun a dhearbhú gurb ann do shárú leanúnach aonair a shonrú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach mícheart agus trí sheasamh leis an gCinneadh lenar gearradh pionóis ar an gcosantóir as an sárú leanúnach aonair sin. Go sonrach, rinne an Chúirt Ghinearálta earraid dlí trí dhearbhú gur chruthaigh an Coimisiúin, mar ba cheart, gur iompar comhlántach leanúnach a bhí san iompar ar sárú leanúnach amháin é.

Lena cheathrú foras achomhairc, maíonn an t-achomharcóir, de rogha air sin, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí dhearbhú go raibh an t-achomharcóir faoi dhliteanas i leith gach gné den sárú leanúnach aonair cé nach raibh sé rannpháirteach ann ach ar bhealach teoranta, lena n-áirítear trí phrionsabal na córa comhionainne a shárú i leith an measúnú a rinne sí ar neamh-íocaíocht an achomharcóra ar choimisiúin ar fhormhuirir, agus trí chinneadh go mícheart go raibh an t-achomharcóir rannpháirteach ar bhelach leanúnach san fhormhuirir slándála le linn tréimhsí nár tugadh aon fhianaise chun suntais ina leith maidir le leithéid de rannpháirtíocht.

    

____________