Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil du Contentieux des Étrangers (an Bheilg) a taisceadh an 26 Eanáir 2024 – X v Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides

(Cás C-53/24, Daraa) 1

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil du Contentieux des Étrangers

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: X

Cosantóir: Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcumhdaítear le raon feidhme Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE 1 nós imeachta chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú arna dhéanamh ag iarratasóir ag an teorainn nó i gcriosanna idirthurais, ar iarratasóir é atá, le linn an nóis imeachta sin, á choinneáil in áit atá suite go geografach ar an gcríoch sin, má tá an nós imeachta sin comhtháthaithe sa téacs in áit atá suite ag an teorainn?

An dtagann scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chur isteach ag iarratasóir ar ligeadh isteach ar a chríoch é go huathoibríoch agus atá, tar éis an tréimhse ceithre seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 43(2) de Threoir 2013/32/AE, fós faoi choinneáil san áit choinnéala céanna, a measadh i dtosach a bheith suite ag an teorainn ach atá aicmithe anois ag na húdaráis mar shuíomh laistigh den chríoch náisiúnta, faoi raon feidhme Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE?

-    An féidir an áit choinneála céanna, faoin nós imeachta céanna maidir le cosaint idirnáisiúnta, a bheith, ar dtús, comhtháthaithe sa téacs in áit atá suite ag an teorainn agus, ansin, tar éis don iarratasóir údarú a fháil chun dul isteach sa chríoch sin mar thoradh ar an tréimhse ceithre seachtaine a bheith caite, nó de bhun cinneadh chun scrúdú a dhéanamh, a mheas mar shuíomh atá suite laistigh den chríoch náisiúnta?

-    Cén tionchar atá ag coinneáil an iarratasóra san áit chéanna, atá suite go geografach ar an gcríoch, ach a measadh i dtosach a bheith suite ag an teorainn agus arna n-aicmiú ag údaráis na Beilge ina dhiaidh sin mar áit choinneála atá suite laistigh den chríoch mar thoradh ar an tréimhse ceithre seachtaine a bheith caite ar inniúlacht ama agus ábhartha an údaráis chinntithigh?

1. An féidir le húdarás cinntitheach, ar thionscain an t-údarás sin scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoi nós imeachta teorann agus ar cheadaigh sí an tréimhse ceithre seachtaine a leagtar síos in Airteagal 43(2) de Threoir 2013/32 chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas sin nó ar ghlac an t-údaras sin cinneadh roimh ré chun scrúdú a dhéanamh, leanúint ar aghaidh leis an scrúdú sin ar bhonn chóir tosaíochta de réir bhrí Airteagal 31(7) den Treoir sin, cé go ndearnadh na gníomhartha imscrúdaithe, agus an t-agallamh pearsanta san áireamh, roimh dhul in éag na tréimhse sin, i gcás ina bhfuil an t-iarratasóir fós, ar bhonn chinneadh údaráis eile, san áit choinneála chéanna, a comhtháthaíodh i dtosach mar áit choinneála a bhí suite ag an teorainn, ar an bhforas gur gá é a choinneáil ‘chun na heilimintí sin ar a bhfuil an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe a chinneadh, ar eilimintí iad nach bhféadfaí a fháil in éagmais coinneála, go háirithe i gcás ina bhfuil baol ann go n-éalóidh an t-iarratasóir?’

2. An féidir le húdarás cinntitheach, ar thionscain an t-údarás sin scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoi nós imeachta teorann agus ar cheadaigh sí an tréimhse ceithre seachtaine a leagtar síos in Airteagal 43(2) de Threoir 2013/32 chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas sin nó ar ghlac an t-údaras sin cinneadh roimh ré chun scrúdú a dhéanamh gan agallamh pearsanta a dhéanamh leis an iarratasóir laistigh den tréimhse sin, leanúint ar aghaidh leis an scrúdú sin, i gcás ina bhfuil an t-iarratasóir fós, ar bhonn chinneadh údaráis eile, san áit choinneála chéanna, a comhtháthaíodh i dtosach mar áit choinneála a bhí suite ag an teorainn, ar an bhforas gur gá é a choinneáil ‘chun na heilimintí sin ar a bhfuil an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe a chinneadh, ar eilimintí iad nach bhféadfaí a fháil in éagmais coinneála, go háirithe i gcás ina bhfuil baol ann go n-éalóidh an t-iarratasóir?’

An bhfuil cur i bhfeidhm sin rialachán náisiúnta comhoiriúnach le cineál eisceachtúil choinneáil an iarratasóra a eascraíonn as Airteagal 8 de Threoir 2013/33/AE 1 agus as cuspóir ginearálta Threoir 2013/32?

An gcaithfear Airteagail 31(7) agus (8), agus Airteagail 43 agus 46 de Threoir 2013/32 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt 1 , a léiriú sa chaoi go gcaithfidh an Chomhairle [um Imeachtaí Tearmainn agus Inimirce], agus caingean á héisteacht aici i gcoinne cinnidh arna dhéanamh i nós imeachta arna thionscnamh ag an teorainn, an cheist a ardú as a stuaim féin maidir leis an tréimhse ama ceithre seachtaine a bheith sáraithe?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60).

1 Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO 2013 L 180, lch. 96).

1 Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.