Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour administrative (Lucsamburg) a taisceadh an 12 Iúil 2023 – F agus Ordre des avocats du barreau de Luxembourg v Administration des contributions directes

(Cás C-432/23, Ordre des avocats du Barreau de Luxembourg)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour administrative

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: F agus Ordre des avocats du barreau de Luxembourg

Cosantóir: Administration des contributions directes

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An dtagann an chomhairle idir dlíodóirí agus a gcliaint i réimse dhlí na gcuideachtaí – sa chás seo d’fhonn struchtúr corparáideach infheistíochta a bhunú – faoi raon feidhme na cosanta neartaithe ar chomhráite idir dlíodóirí agus a gcliaint atá in Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 1, an bhfuil cinneadh ó údarás inniúil Ballstáit iarrtha, arna thabhairt mar fhreagra ar iarraidh ar mhalartú faisnéise ó Bhallstát eile de bhun Threoir 2011/16/AE 1 , dlíodóir a chuir faoi urghaire shainordaitheach iomlán na gcáipéisí atá ar fáil tríd is tríd a chur ar fáil dó, a bhaineann lena chaidreamh lena chliant, tuairisc mhionsonraithe ar na hidirbhearta a bhí faoi réir a chomhairle, míniú ar a rannpháirtíocht sna próisis sin agus a idirghabhálaithe a shainaithint, ina chur isteach ar an gceart maidir le hurraim do chumarsáid idir dlíodóirí agus a gcliaint, arna ráthú le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha?

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 2, an bhfuil Treoir 2011/16 i gcomhoiriúint le hAirteagal 7 agus leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha, seachas an méid atá sa cheathrú fomhír d’Airteagal 17 den Treoir sin, sa mhéid nach gceadaítear go foirmiúil le haon fhoráil di cur isteach ar rúndacht na gcomhráite idir dlíodóirí agus a gcliaint) i gcomhthéacs an chórais malartaithe faisnéise arna iarraidh sin agus lena sainítear raon feidhme na teorann ar fheidhmiú an chirt lena mbaineann?

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 3, an bhféadfar na rialacha lena rialaítear dualgas dlíodóirí (nó dlíghnólachta) comhoibriú mar shealbhóirí faisnéise tríú páirtí i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an mhalartaithe faisnéise arna bhunú le Treoir 2011/16, go háirithe na teorainneacha sonracha atá ceaptha tionchar na pribhléide gairmiúla a chur san áireamh, a rialú le forálacha dhlí náisiúnta gach Ballstáit lena rialaítear dualgas dlíodóirí comhoibriú, mar thríú páirtí, san imscrúdú cánach i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an dlí cánach náisiúnta, i gcomhréir leis an tagairt a dhéantar sa chéad fhomhír d’Airteagal 18 den treoir sin?

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 4, d’fhonn Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha a chomhlíonadh, an gcaithfidh foráil dlí náisiúnta lena leagtar síos na rialacha lena rialaítear dualgas dlíodóirí (nó dlíghnólachta) comhoibriú mar shealbhóirí faisnéise tríú páirtí, amhail an méid is infheidhme sa chás seo, forálacha sonracha a bheith san áireamh:

–    ina n-áirithítear go n-urramófar ábhar bunriachtanach na pribhléide gairmiúla dlíodóra; agus

–    lena leagtar coinníollacha sonracha síos chun a áirithiú go maolófar dualgas dlíodóirí comhoibriú go dtí an méid is iomchuí agus is gá chun cuspóir Threoir 2011/16 a bhaint amach?

Má thugtar freagra dearfach Cheist 5, an gcaithfear dualgas ar údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha a áireamh sna coinníollacha sonracha chun a áirithiú go maolófar dualgas dlíodóirí comhoibriú leis an bhfiosrúchán cánach go dtí an méid is iomchuí agus is gá chun cuspóir Threoir 2011/16 a bhaint amach, ar dualgas é chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

–    measúnú neartaithe a dhéanamh ar ídigh an Ballstát iarrthach na gnáthfhoinsí faisnéise a d’fhéadfadh sé dul ina muinín roimh ré chun an fhaisnéis a iarradh a fháil gan an baol a bheith ann go gcuirfí i mbaol na gcuspóirí sin a bhaint amach, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 17 de Threoir 2011/16; agus/nó

–    dul i dteagmháil le sealbhóirí faisnéise féideartha eile roimh ré, agus amhlaidh a dhéanamh mar ghníomh in aisce, chun bheith in ann dul i dteagmháil le dlíodóir ina cháil mar shealbhóir faisnéise ionchasach mar rogha dheiridh; agus/nó

–    cuspóir an leasa ghinearálta ar thaobh amháin agus na cearta atá i gceist a mheas i gcoinne a chéile ar an taobh eile, i ngach cás ar leith, sa chaoi nach féidir cinneadh lena gcuirtear dlíodóir faoi urghaire go bailí ach amháin má chomhlíontar coinníollacha breise, amhail an ceanglas go mbeidh nó gur dócha go mbeidh sainghné airgeadais suntasacha ag baint leis an measúnú arna dhéanamh sa Stát iarrthach nó go dtiocfaidh sé faoi raon feidhme an dlí choiriúil?

____________

1 Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO 2011, L 64, lch. 1).