Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Nollaig 2023 – Illumina v an Coimisiún

(Cás T-1190/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Illumina, Inc. (Wilmington, Delaware, na Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: F. González Díaz, M. Siragusa, T. Spolidoro, F. Dewald, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2023) 6737 final an 12 Deireadh Fómhair 2023 ón gCoimisiún a chur ar neamhní lena n-ordaítear bearta chun an staid a bhí ann roimh an gcumasc  a athbhunú de bhun Airteagal 8(4)(b) de Rialachán 139/2004 ón gComhairle (Cás M.10939 ILLUMINA/GRAIL (Bearta athbhunaithe faoi Airteagal 8(4)a));

a ordú don Choimisiúin a chostais féin agus costais agus caiteachais an iarratasóra maidir leis an imeacht seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh neamhdhleathach toisc nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hordú athbhunaithe a ghlacadh ex Airteagal 8(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 1 ón gComhairle.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndéantar earráid dlí, fíorais  agus measúnaithe sa chinneadh, go sáraítear prionsabal na comhréireachta agus prionsabal na córa comhionainne, go mainnítear cúiseanna a lua agus go ndéantar neamhaird ar cheart éisteachta Illumina nuair a dhiúltaítear go neamhdhleathach do bhearta athbhunaithe neamh-dhífheistiú nó dífheistiú gan diúscairt iomlán.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear leis an gcinneadh ceart bunúsach Illumina chun maoine, go ndéantar earráid dlí, fíorais  agus measúnaithe sa chinneadh agus go sáraítear prionsabal na comhréireachta maidir le oibleagáidí airgeadais Illumina iar-diúscairt.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndéantar earráidí dlí, fíorais agus measúnaithe leis na n-oibleagáidí a eascraíonn as an gcinneadh maidir le cearta luacha teagmhasacha, go sáraítear prionsabal na comhréireachta agus go mainnítear cúiseanna a lua.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear leis an gcinneadh prionsabal na comhréireachta agus go sáraítear ceart bunúsach Illumina chun maoine maidir le ceapachán agus mandáid an iontaobhaí dífheistithe.

An séú saincheist lena n-éilítear go ndéantar earráid dlí, fíorais agus measúnaithe sa chinneadh, go sáraítear prionsabal na comhréireachta maidir le tréimhse an dífheistithe.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear go go ndéantar earráid dlí, fíorais agus measúnaithe sa chinneadh, go sáraítear prionsabal na comhréireachta, go mainnítear cúiseanna a lua agus go sáraítear cearta Illumina chun cosanta maidir le bearta idirthréimhseacha ar tugadh sainordú dóibh.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO 2004 L 24, lch. 1).