Language of document :

Caingean arna tabhairt an 5 Meán Fomhair 2023 – Daimler Truck v EUIPO (“TRUCKS YOU CAN TRUST”)

(Cás T-548/23)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Daimler Truck AG (Leinfelden-Echterdingen, an Ghearmáin) (Ionadaí: P. Kohl, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú focalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “TRUCKS YOU CAN TRUST” – Clárú Uimh. 18 712 899

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 12 Meitheamh 2023 i gCás R 484/2023-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear na costais a tabhaíodh le linn na n-imeachtaí freasúra agus achomhairc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________