Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Mercantil nº 1 de Palma de Mallorca (an Spáinn) an 16 Nollaig 2022 – Luis Carlos agus Páirtithe Eile v Air Berlín PLC & CO Luftverkehrs KG, Sucursal en España
(Cás C-765/22, Air Berlin)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado de lo Mercantil nº 1 de Palma de Mallorca
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Luis Carlos, Severino, Isidora, Angélica, Paula, Luis Francisco, Delfina
Cosantóir: Air Berlín PLC & CO Luftverkehrs KG, Sucursal en España
An cheist a tharchuirtear
Sna himeachtaí uilíocha cáilithe arna leagan amach i Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta,1 ina gceadaítear imeachtaí tánaisteacha a thionscnamh a bhaineann go heisiach le sócmhainní atá lonnaithe sa Stát ina dtionscnaítear na himeachtaí,
an féidir Airteagail 35 agus 7(1) [agus] (2)(g) agus (h)[,] i gcomhar le haithris 72, a léiriú sa chaoi go mbaineann cur i bhfeidhm dhlí an Stáit inar tionscnaítear na himeachtaí tánaisteacha “i leith láimhseáil na n-éileamh a tháinig chun cinn i ndiaidh thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta” leis na héilimh a tháinig chun cinn i ndiaidh thionscnamh na bpríomhimeachtaí seachas tionscnamh na n-imeachtaí tánaisteacha?
____________
1 IO 2015 L 141, lch. 19.