Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 18 Aibreán 2024 (iarrataí ar réamhrialú ón Juzgado de lo Mercantil de Palma de Mallorca – an Spáinn) – Luis Carlos agus páirtithe eile v Air Berlín Luftverkehrs KG, Sucursal en España (C-765/22) agus Victoriano agus páirtithe eile v Air Berlin Luftverkehrs KG, Sucursal en España, Air Berlin PLC & Co. Luftverkehrs KG (C-772/22)

(Cásanna Uamtha = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-765/22 agus C-772/221 , Luis Carlos agus páirtithe eile)

(Tarchur chun réamhrialú – Comhair breithiúnach in ábhair shibhialta – Rialachán (AE) 2015/848 – Imeachtaí dócmhainneachta – Príomhimeachtaí dócmhainneachta sa Ghearmáin agus imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha sa Spáinn – Agóid i gcoinne fhardal na sócmhainní agus an liosta creidiúnaithe arna gcur isteach ag an gcleachtóir dócmhainneachta sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha – Aicmiú éileamh fostaithe – Dáta a chuirfear san áireamh – Sócmhainní atá suite sa Spáinn a aistriú chuig an nGearmáin – Comhdhéanamh eastát in imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha – Critéir ama le cur san áireamh)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Mercantil de Palma de Mallorca

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Luis Carlos, Severino, Isidora, Angélica, Paula, Luis Francisco, Delfina (C-765/22), Victoriano, Bernabé, Jacinta, Sandra, Patricia, Juan Antonio, Verónica (C-772/22)

Cosantóirí: Air Berlín Luftverkehrs KG, Sucursal en España (C-765/22), Air Berlin Luftverkehrs KG, Sucursal en España, Air Berlin PLC & Co. Luftverkehrs KG (C-772/22)

An chuid oibríochtúil

Maidir le Airteagail 7 agus 35 de Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta arna léamh i gcomhar le haithris 72 den Rialachán sin,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní bheidh feidhm ag dlí Stáit ina dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha ach amháin maidir leis an gcaoi a chaithfear le héilimh a eascróidh idir tionscnamh na bpríomhimeachtaí dócmhainneachta agus tionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

Maidir le hAirteagail 3(2) agus 34 de Rialachán 2015/848

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní bheidh sna sócmhainní atá suite sa Stát ina dtionscnófar na himeachtaí dómhainneachta tánaisteacha ach amháin sócmhainní atá suite ar chríoch an Bhallstáit sin tráth a dtionscnófar na himeachtaí sin.

Maidir le hAirteagal 21(1) de Rialachán 2015/848,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta sócmhainní an fhéichiúnaí a aistriú ó chríoch Bhallstáit seachas an Ballstát ina dtionscnaítear na príomhimeachtaí dócmhainneachta, nuair is léir don chleachtóir, ar an gcéad dul síos, gurb ann do chreidiúnaithe áitiúla a bhfuil éilimh acu atá ag eirí as conarthaí fostaíochta atá aitheanta i mbreithiúnais agus, ar an dara dul síos, gurb ann do d’urghabháil chosantach sócmhainní arna ordú ag cúirt oibreachais de chuid an Bhallstáit deiridh sin.

Maidir le hAirteagal 21(2) de Rialachán 2015/848,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha caingean maidir le cur ar ceal a thabhairt isteach i gcoinne gníomh arna déanamh ag an gcleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta.

____________

1 IO C 121, 3.4.2023.