Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – Vía Atlántica Adegas e Viñedos v EUIPO – Casa Relvas (VIA ATLÁNTICA)
(Cás T-301/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘VIA ATLANTICA’ – Trádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ‘ATLÂNTICO’ – Forais choibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Vía Atlantica Adegas e Viñedos, SL (Chantada, an Spáinn) (ionadaí: E. Manresa Medina, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Fredendahl, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Casa Relvas Lda (Redondo, an Phortaingéil)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Márta 2023 (cás R 1419/2022-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Vía Atlántica Adegas e Viñedos, SL agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 252, 17.7.2023.