Language of document : ECLI:EU:F:2007:230

Caingean arna tionscnamh an 10 Samhain 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht Mhálta

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-694/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Björkland, K. Mifsud-Bonnici agus R. Valletta Mallia, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht Mhálta

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, trí cháin chúrsaíochta bhliantúil níos airde a thobhach ar mhótarfheithiclí arna gclárú i mBallstáit eile roimh an 1 Eanáir 2009 agus arna dtabhairt go Málta tar éis an dáta sin ná ar fheithiclí náisiúnta comhchosúla, faoin Fourth Schedule of the Motor Vehicles Registration and Licensing Act as amended by Act VI of 2009, Chapter 368 of the Laws of Malta (an Ceathrú Sceideal den Acht um Chlárú agus Ceadúnú Mótarfheithiclí arna leasú le hAcht. VI de 2009, Caibidil 368 de Dhlíthe Mhálta), gur mhainnigh Málta a oibleagáidí faoi Airteagal 110 den CFAE a chomhlíonadh; agus

a ordú do Phoblacht Mhálta na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an Coimisiún gur mhainnigh Málta a hoibleagáidí faoi Airteagal 110 den CFAE a chomhlíonadh trí cháin chúrsaíochta bhliantúil níos airde a thobhach ar mhótarfheithiclí a cláraíodh i mBallstáit eile roimh an 1 Eanáir 2009 agus a tugadh go Málta tar éis an dáta sin, ná an cháin chúrsaíochta bhliantúil a ghearrtar ar fheithiclí intíre dá samhail.

____________