Caingean arna tabhairt an 29 Eanáir 2024 – Porczyńska v EUIPO – GAP (ITM) (gappol)
(Cás T-44/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Marzena Porczyńska (Łódź, an Pholainn) (ionadaí: P. Matyjek, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: GAP (ITM), Inc. (San Francisco, California, na Stáit Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘gappol’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 15 218 092
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí neamhbhailíochta
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 4 Nollaig 2023 i gCás R 634/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
na cinntí arna nglacadh ag an gcéad chéim agus ag an dara céim a chur ar neamhní ina n-iomláine agus clabhsúr a chur ar na himeachtaí; nó, mar mhalairt air sin:
an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú trí na cinntí atá faoi chonspóid, arna nglacadh ag an dara céim agus ag an gcéad chéim, a chur ar neamhní agus iarratas GAP a dhíbhe ina iomláine; nó, mar mhalairt eile:
na cinntí atá faoi chonspóid, arna nglacadh ag an dara céim agus ag an gcéad chéim, a chur ar neamhní ina n-iomláine agus an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO le haghaidh athbhreithniú ag an gcéad chéim;
beag beann ar an gcinneadh maidir leis an tsubstaint, a ordú do GAP na costais a aisíoc, go háirithe táillí dlíodóirí, arna dtabhú ag Marzena Porczyńska.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 60(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) agus Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Sárú ar Airteagal 61(1) agus (3), Airteagal 109(1) agus Airteagal 120(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Sárú ar Airteagal 64(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ar Airteagal 19(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún.
____________