Caingean arna tabhairt an 17 Eanáir 2024 – Instituto dos vinos do Douro e do Porto v EUIPO – Vinoquel -Vinhos Oscar Quevedo (Quevedo Port)
(Cás T-23/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Instituto dos vinhos do Douro e do Porto I. P. (Peso da Régua, an Phortaingéil) (ionadaí: P. Sousa e Silva, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Vinoquel- Vinhos Oscar Quevedo Lda (São João da Pesqueira, an Phortaingéil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Quevedo Port’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 461 727
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Samhain 2023 i gCás R 2471/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú ionas go ndiúltófaí don iarratas ar thrádmharc atá faoi cheist;
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir sna himeachtaí os comhair EUIPO agus an Bhoird Achomhairc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 103(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le húsáid tráchtála;
Sárú ar Airteagal 103(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le leas a bhaint as an gcáil atá ag sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint;
Sárú ar Airteagal 103(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint a thabhairt chun cuimhne.
____________