Language of document :

Caingean arna tabhairt an 15 Eanáir 2024 – UT v an Coimisiún

(Cás T-27/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: UT (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

Na horduithe atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 6 Aibreán 2023 a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean i gcoinne chinneadh athbhreithnithe an 6 Aibreán 2023 ó Bhord Roghnúcháin an chomórtais EPSO/AD/398/22-4 ag deimhniú an chinnidh gan é a chur ar liosta na ndaoine ar tugadh cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear easpa deimhneachta dlíthiúla maidir leis an bhfógra comórtais mar gheall ar an bhfriotal doiléir a úsáidtear san fhógra sin.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an bhfógra comórtais ag an riarachán agus easpa measúnaithe ar na critéir agus na hinniúlachtaí a cheanglaítear leis an bhfógra sin.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a thabhairt leis na marcanna a ghnóthaigh an t-iarratasóir nár lig dó na pointí a ghnóthaigh sé le haghaidh gach freagra a thuiscint, nó a ndlisteanacht a fhíorú agus easpa cinneadh aonair sa chinneadh lenar diúltaíodh dá iarratas ar athbhreithniú.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh earráid fhollasach i measúnú freagraí an iarratasóra mar gheall ar earráidí agus neamhréireachtaí idir na ceisteanna a cuireadh agus na pointí a ghnóthaigh sé, trí earráid shoiléir de dheasca na freagraí do cheisteanna 4 agus 8 a mheasúnú agus na hearráidí teicniúla a d’fhéadfadh a bheith ann agus a d’fhéadfadh an earráid sin a mhíniú.

____________