Caingean arna tabhairt an 18 Eanáir 2024 – Puma v EUIPO – Li Puma (Li Puma Design)
(Cás T-30/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Puma SE (Herzogenaurach, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Schunke agus P. Trieb, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Luca Gottardo Li Puma (Torino, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Li Puma Design – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 320 859
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc EUIPO an 7 Samhain 2023 i gCás R 2291/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú don Chosantóir na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sin a tabhaíodh os comhair an Bhoird Achomhairc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________