Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023 – Vinokurov v an Chomhairle
(Cás T-1106/23)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Alexander Semenovich Vinokurov (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: É. Épron, J.-F. Quievy agus C. Gimbert, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
Na horduithe atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas le haghaidh neamhniú inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis,
a dhearbhú go bhfuil Cinneadh (CBES) 2023/1094 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin neamh-infheidhme, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, mar gheall ar neamhdhleathacht,
a dhearbhú go bhfuil Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1098 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, neamh-infheidhme a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, mar gheall ar neamhdhleathacht,
Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní,
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní,
a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh iomlán na gcostas agus na speansas arna dtabhú sna himeachtaí a íoc,
gach táille dlite, gach leigheas agus gach caingean eile a choinneáil don iarratasóir.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe.
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.
____________