Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 21 Lúnasa 2023 ag Ryanair DAC agus Airport Marketing Services Ltd i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 14 Meitheamh 2023 i gCás T-79/21, Ryanair agus Airport Marketing Services Ltd v an Coimisiún

(Cás C-535/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Ryanair DAC, Airport Marketing Services Ltd (ionadaithe: E. Vahida, F.-C. Laprévote, avocats, agus S. Rating, D. Pérez de Lamo, abogados)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Maíonn na hachomharcóirí gur chóir don Chúirt:

an breithiúnas faoi achomharc a chur ar ceal;

a dhearbhú, i gcomhréir le hAirteagail 263 agus 264 CFAE, go ndéantar Cinneadh (AE) 2020/1671 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2019 maidir le Státchabhair SA.47867 2018/C (ex 2017/FC) arna deonú ag an bhFrainc do Ryanair agus do Airport Marketing Services 1 a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún a chostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag na hachomharcóirí a íoc; agus

a ordú d’aon fhreagróir agus d’idirghabhálaí eile a gcostais féin a íoc.

Mar mhalairt air sin:

an breithiúnas faoi achomharc a chur ar ceal;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta lena athbhreithniú; agus

costais na n-imeachtaí ag an gcéad chéim agus ar achomharc a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, tá na hachomharcóirí ag brath ar na forais seo a leanas.

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína dhearbhú, toisc nach raibh i gceist leis na hachomharcóirí ach “páirtithe lena mbaineann”, nár tháinig siad faoi raon feidhme Airteagal 41(1) agus (2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí iniúchadh ciorraithe ar riachtanais a chur i bhfeidhm in ionad phrionsabal oibreoir an gheilleagair mhargaidh.

Ar an tríú dul síos, d’aistrigh an Chúirt Ghinearálta an dualgas cruthúnais ina chinneadh gur chruthaigh an Coimisiún nárbh é praghas an mhargaidh praghas na seirbhísí agus nach raibh gá leis na seirbhísí.

Ar an gceathrú dul síos, mar mhalairt air sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína mheas nach raibh Aéroport Montpellier Méditerranée ina thairbhí indíreach cabhrach.

Ar an gcúigiú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir le roghnaíocht.

____________

1 IO 2020 L 388, lch. 1.