Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 12 Meán Fómhair 2023 – Teritorialna direktsia na Natsionalnata agentsia za prihodite – Sofia

(Cás C-563/23, Natsionalna agentsia za prihodite)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir sna príomhimeachtaí: Teritorialna direktsia na Natsionalnata agentsia za prihodite – Sofia

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 1 (“An Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí”, “RGCS”) a léiriú sa chaoi go gcinneann údarás breithiúnach a ligeann d’údarás eile Stáit sonraí a bhaineann le hiarmhéideanna cuntais daoine inchánach a rochtain na críocha nó na modhanna próiseála sonraí pearsanta agus gur “rialaitheoir” é chun críocha sonraí pearsanta a phróiseáil, dá bhrí sin?

Más freagra diúltach a thabharfar ar an gcéad cheist, an gcaithfear Airteagal 51 de RGCS a léiriú sa chaoi go bhfuil údarás breithiúnach a ligeann d’údarás eile Stáit sonraí a bhaineann le hiarmhéideanna cuntais daoine inchánach a rochtain freagrach as faireachán a dhéanamh ar [chur i bhfeidhm] an Rialacháin sin agus nach mór é a aicmiú mar “údarás maoirseachta” i dtaca leis na sonraí sin, dá bhrí sin?

Más freagra dearfach a thabharfar ar cheachtar den dá cheist thuas, an gcaithfear Airteagal 32(1)(b) de RGCS agus Airteagal 57(1)(1) den Rialachán sin a léiriú sa chaoi go bhfuil oibleagáid ar údarás breithiúnach a ligeann d’údarás eile Stáit sonraí a bhaineann le hiarmhéideanna cuntais daoine inchánach a rochtain, i gcás sonraí a bhaineann le sárú sonraí pearsanta arna dhéanamh roimhe sin ag an gcomhlacht dár tugadh rochtain den sórt sin, faisnéis a fháil faoi na bearta cosanta sonraí arna nglacadh agus measúnú a dhéanamh an bhfuil na bearta sin iomchuí ina chinneadh chun rochtain a cheadú?

Gan beann ar an freagraí ar an dara ceist agus ar an tríú ceist, an gcaithfear Airteagal 79(1) den Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi, i gcás ina bhforáiltear le dlí náisiúnta Ballstáit nach bhféadfar catagóirí áirithe sonraí a nochtadh ach amháin i ndiaidh do chúirt cead a thabhairt é sin a dhéanamh, go gcaithfidh an chúirt a bhfuil an dlínse sin aici cosaint dlí a thabhairt as a stuaim féin do dhaoine a bhfuil a gcuid sonraí le nochtadh, trína cheangal ar an údarás a rinne iarratas ar na sonraí atá i gceist, agus arb eol go bhfuair siad treoracha ceangailteacha ón údarás faoi Airteagal 51(1) de RGCS i ndiaidh sárú ar shonraí pearsanta, faisnéis a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na mbeart arna bhforchur air trí chinneadh riaracháin de bhun Airteagal 58(2)(d) de RGCS?

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).