Language of document :

Caingean arna tabhairt an 27 Márta 2024 – Asaş Alüminyum v EUIPO – Asfaltos del Sureste (ASAŞ)

(Cás T-172/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Asaş Alüminyum Sanayi ve Ticaret A.S. (Iostanbúl, an Tuirc) (ionadaithe: C. Sánchez Margareto agus M. Pastor Palomares, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Asfaltos del Sureste, SA (San Pedro Del Pinatar, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an t-Aontas Eorpach i ndáil leis an bhfocalmharc ASAŞ – Iarratas ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an t-Aontas Eorpach Uimh. 1 596 257

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Eanáir 2024 i gCás R 1408/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

A ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 18(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________