Language of document :

Caingean arna tabhairt an 28 Lúnasa 2022 – Rechters voor Rechters v an Chomhairle

(Cás T-533/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Stichting Rechters voor Rechters (‘s-Gravenhage, an Ísiltír) (ionadaithe: C. Zatschler, Abhcóide Sinsearach, E. Egan McGrath, Abhcóide Dlí, A. Bateman agus M. Delargy, Aturnaetha)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022, maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Pholainn a fhormheas, a neamhniú; agus

a ordú don Chomhairle a chostais féin a iompar agus costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle neamhaird ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais a cinneadh i mbreithiúnas an 19 Samhain 2019, A.K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne) (C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982), breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna) (C-791/19, EU:C:2021:596), ordú an 8 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn (C-791/19 R, EU:C:2020:277) agus ordú ó Leas-Uachtarán na Cúirte an 14 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (C-204/21 R, EU:C:2021:593), agus sháraigh sí Airteagal 2 agus Airteagal 13(2) CAE.

Áitíonn an t-iarratasóir freisin faoin bpléadáil seo gur sháraigh an Chomhairle a hinniúlacht sa mhéid gur airbheartaigh sí a cinneadh conas ba cheart don Pholainn cásdlí na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh maidir le Dlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne (“Dlísheomra Araíonachta”).

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Chomhairle Airteagal 2 agus Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha (“an Chairt”), arna léirmhíniú go húdarásach ag an gCúirt Bhreithiúnais.

Chun tacú leis an bpléadáil sin, áitíonn an t-iarratasóir go sáraíonn na garspriocanna, ar a bhfuil an Cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe, Airteagal 2 agus Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt, sa mhéid is:

go dtugann siad éifeachtaí dlíthiúla do chinntí an Dlísheomra Araíonachta seachas a mheas go bhfuil siad ar neamhní,

go gcuireann siad ualaí breise nós imeachta, éiginnteacht agus moilleanna ar bhreithiúna a mbíonn tionchar ag cinntí neamhdhleathacha an Dlísheomra Araíonachta orthu, trí cheangal ar na breithiúna sin tús a chur le sraith nua imeachtaí os comhair dlísheomra nua-bhunaithe sa Chúirt Uachtarach chun a n-ainm a ghlanadh; agus

nach dtuartar leo go ndéanfar na breithiúna atá i gceist a chur ar ais in oifig go sealadach ar a laghad go dtí go bhfaighfear an toradh ar aon imeachtaí athbhreithnithe.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear nach leor na garspriocanna F1G, F2G agus F3G dá bhforáiltear sa Chinneadh atá faoi chonspóid chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a athbhunú sa Pholainn, rud atá ina réamhriachtanas d’fheidhmiú córas rialaithe inmheánaigh. Áitíonn an t-iarratasóir go sáraíonn an Cinneadh atá faoi chonspóid dá réir sin Airteagal 20(5)(e) agus Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO 2021 L 57, lch. 17) agus Airteagal 325 CFAE, a éilíonn rialuithe inmheánacha éifeachtacha agus éifeachtúla.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráidí sa dlí agus/nó go ndearna sí earráidí follasacha measúnaithe agus Airteagal 19(3) de Rialachán 2021/241 á chur i bhfeidhm aici agus na garspriocanna á bhformheas mar “socruithe leormhaithe” chun an t-éilliú sa Pholainn a chosc, a bhrath agus a cheartú.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Chomhairle na cúiseanna atá leis an gCinneadh atá faoi chonspóid a lua go leordhóthanach, agus ar an gcaoi sin gur sáraíodh Airteagal 296 CFAE, Airteagal 41 den Chairt agus prionsabail dhlí an Aontais.

____________