Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (An Naoú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Cluj – an Rómáin) – Happy Education SRL v Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca, Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Cluj

(Cás C-612/20)1

(Tarchur chun réamhrialú – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 132(1)(i) – Díolúintí i gcomhair gníomhaíochtaí áirithe ar mhaithe le leas an phobail – Díolúintí a bhaineann le hoideachas do leanaí nó do dhaoine óga, oideachas scoile nó ollscoile – Soláthar seirbhísí oideachais lena bhforlíontar an curaclam scoile – Comhlacht dlí phríobháidigh a sholáthraíonn na seirbhísí sin chun críoch tráchtála)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunalul Cluj

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Happy Education SRL

Cosantóirí: Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca, Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Cluj

An chuid oibríochtúil den breithiúnas

Ní mór Airteagal 132(1)(i) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn nach gcumhdaítear eintiteas príobháideach atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí oideachais ar mhaithe le leas an phobail, arb é atá iontu, inter alia, gníomhaíochtaí breise leis an gcuraclam scoile a eagrú, leis an gcoincheap “comhlacht a aithnítear mar chomhlacht a bhfuil cuspóirí comhchosúla aige”, le comhlacht arna rialú ag an dlí poiblí a bhaineann le hoideachas, amhail ranganna tacaíochta don obair bhaile, cláir oideachais agus ranganna teanga iasachta, agus a bhfuil údarú faighte aige ón Oifig um Chlárú Náisiúnta Trádála i bhfoirm sannadh chód CAEN 8559 – “Oideachas eile”, i gcás nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin, in aon chás, na coinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta chun cáiliú don aitheantas sin.

____________

1 IO C 53, 5.2.2021