Caingean arna tabhairt an 17 Samhain 2023 – Bella Tawziaa II/EUIPO – Reda Belkheir (ELSEBAE 4011 B552)
(Cás T-1085/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Bella Tawziaa II SLU (Marbella, an Spáinn) (ionadaí: A. Sanz Cerralbo, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Reda Belkheir (Alicante, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh “ELSEBAE 4011 B552” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 286 446
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Lúnasa 2023 i gCás R 1122/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, lena ndiúltaítear an iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 286 446
A ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________