Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2024 – Confédération nationale du Crédit mutuel agus páirtithe eile v an Banc Ceannais Eorpach
(Cás T-65/24)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: Confédération nationale du Crédit Mutuel (Páras, an Fhrainc) agus na 35 iarratasóir eile (ionadaithe: A. Gosset Grainville, M. Trabucchi agus C. Duriez, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Banc Ceannais Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Roinn 5 de Chinneadh BCE Uimh. ECB-SSM-2023-FRCMU-76 (arna ghlacadh i dteannta a Iarscríbhinní), an 30 Samhain 2023, a chur ar neamhní, sa mhéid go bhforordaítear leis bearta atá le glacadh maidir le gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a bhaineann le scéimeanna ráthaíochta taiscí nó cistí réitigh;
a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Chun tacú leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí ceithre shaincheist dlí
atá comhionann nó cosúil leo sin a ardaítear i gCás T-186/22, BNP Paribas v an Banc Ceannais Eorpach.
____________