Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Kúria (an Ungáir) a taisceadh an 17 Deireadh Fómhair 2023 — ZH agus KN v AxFina Hungary Zrt.

(Cás C-630/23, AxFina Hungary)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Kúria

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: ZH, KN

Cosantóir: AxFina Hungary Zrt.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.     An ceart na focail ‘féadfaidh an conradh leanúint de bheith i bhfeidhm gan na téarmaí éagóracha’ in Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (‘Treoir 93/13’), 1 a léiriú ar chaoi gurb é is brí leis ná go bhféadfaidh conradh tomhaltóirí atá ainmnithe in airgeadra eachtrach leanúint de bheith i bhfeidhm gan téarma conarthach ar cuid de réimse phríomhchuspóir an chonartha é agus lena dtugtar riosca neamhtheoranta maidir leis an ráta malairte don tomhaltóir, agus é á chur san áireamh go bhfuil an sásra comhshó airgeadra á rialú ag Dlí an Bhallstáit le forálacha reachtúla éigeantacha?

An bhfuil cleachtas breithiúnach de chuid Ballstáit comhoiriúnach le hAirteagal 1(2), le hAirteagal 6(1) agus le hAirteagal 7 (1) de Threoir 93/13, (ar cleachtas é atá bunaithe ar léiriú ar dhlí an Bhallstáit i bhfianaise na Treorach agus i gcomhréir le prionsabail an léirithe arna leagan síos ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh) ag féachaint do phrionsabal an tsaibhrithe éagórach,

a)    ar dá réir a ordaítear don chreidiúnaí na suimeanna arna ngearradh ag an iasachtóir de bhun an téarma a measadh a bheith éagórach a aisíoc leis an tomhaltóir (nó é a chúiteamh mar chuid de ghlanadh an chuntais), ach ní thugtar an t-ordú sin i gcomhthéacs restitutio in integrum, toisc go n-eisiatar le foráil speisialta den dlí náisiúnta an iarmhairt dhlíthiúil sin a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar neamhbhailíocht, agus nach bhfuil feidhm go huathrialach ag na rialacha maidir le saibhriú éagórach, toisc nach bhforáiltear leis an dlí náisiúnta d’iarmhairt dhlíthiúil den sórt sin a bheith ag teacht as neamhbhailíocht an chonartha, ina ionad sin, scaoiltear an tomhaltóir ó na hiarmhairtí lena ndéantar dochar ar leith dó agus déantar cothromaíocht an chonartha idir na páirtithe sa chonradh a athbhunú go comhuaineach tríd an bpríomh-iarmhairt dhlíthiúil a leagtar síos le dlí an Bhallstáit a chur i bhfeidhm i gcás go ndéantar neamhniú, eadhon dearbhú bailíochta an chonartha, ionas nach bhforchuirtear aon oibleagáid ar an tomhaltóir leis na téarmaí éagóracha, ach go mbeidh na gnéithe (neamhéagóracha) eile den chonradh (lena n-áirítear ús conarthach agus costais eile) fós ina gceangal ar na páirtithe ar na téarmaí céanna?

b)    ar dá réir, i gcás nach bhféadfaí dearbhú bailíochta a dhéanamh, a chinntear iarmhairtí dlíthiúla na neamhbhailíochta trína dhearbhú, ar mhaithe le himréiteach cuntas, go bhfuil an conradh i bhfeidhm go dtí go dtugtar breithiúnas agus trí imréiteach cuntais a shocrú idir na páirtithe trí phrionsabal an tsaibhrithe éagórach a chur i bhfeidhm?

2.    Agus iarmhairtí dlíthiúla conartha atá neamhbhailí ar an bhforas thuas á gcinneadh, an féidir foráil reachtúil de chuid an Bhallstáit a dhífheidhmiú, ar foráil í a tháinig i bhfeidhm níos déanaí agus lenar cuireadh an tiontú éigeantach ina forint i bhfeidhm ó shin i leith, toisc go gcuirtear, mar thoradh ar shocrú an ráta malairte, cuid de riosca an ráta malairte sin ar an tomhaltóir leis an bhforáil sin, ar tomhaltóir é ar ceart — mar gheall ar an téarma conarthach éagórach — a fhuascailt go hiomlán ón riosca sin?

3.    Más rud é, i gcomhréir le dlí an Aontais, nach féidir iarmhairtí dlíthiúla na neamhbhailíochta a chinneadh trí bhíthin dearbhú bailíochta ná trí dhearbhú éifeachtachta, cad iad na hiarmhairtí dlíthiúla, agus an bunús foirceadlach a chomhfhreagraíonn dóibh, a chaithfear a chinneadh le léiriú contra legem dá bhrí sin, go neamhspleách ar reachtaíocht an Bhallstáit maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla agus é á bhunú ar dhlí an Aontais amháin, agus é á chur san áireamh nach rialaítear iarmhairtí dlíthiúla na neamhbhailíochta le Treoir 93/13?

____________

1 IO 1993, L 95, lch. 29.