Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Centrale Raad van Beroep (an Ísiltír) a taisceadh an 18 Lúnasa 2022 – X v Raad van bestuur van de Sociale verzekeringsbank

(Cás C-549/22)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Centrale Raad van Beroep

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: X

Freagróir: Raad van bestuur van de Sociale verzekeringsbank

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 68(4) den Chomhaontú Comhlachais 1 a léiriú sa chaoi go mbaineann sé le marthanóir oibrí éagtha atá ina cónaí san Ailgéir agus a theastaíonn uaithi a sochar marthanóra a onnmhairiú go dtí an Ailgéir?

Más freagra dearfach a thabharfar:

An gcaithfear Airteagal 68(4) den Chomhaontú Comhlachais, ag féachaint dá fhoclaíocht agus do bhrí agus do chuspóir na forála sin, a léiriú sa chaoi go bhfuil éifeacht dhíreach aige ionas go bhfuil daoine lena mbaineann an fhoráil sin i dteideal brath uirthi go díreach os comhair chúirteanna na mBallstát agus nach mbeidh feidhm ag rialacha dlí náisiúnta atá contrártha di?

Más freagra dearfach a thabharfar:

An gcaithfear Airteagal 68(4) den Chomhaontú Comhlachais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar fheidhmiú an phrionsabail maidir le stát cónaithe de réir bhrí Airteagal 17(3) den Algemene nabestaandenwet (Dlí ginearálta maidir le marthanóirí), ag a bhfuil srian ar onnmhairiú an tsochair marthanóra mar thoradh air?

____________

1 Comhaontú Eora-Mheánmhara, lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, den pháirt eile (IO 2005 L 265, lch. 2).